Dùn Bheagan

áit lonnaithe in Albain
(Athsheolta ó Dùn Bheagain)

Is sráidbhaile san Eilean Sgitheanach, Comhairle na Gàidhealtachd, é Dùn Bheagan.[1] Tá clú agus cáil ar Chaisleán Dhùn Bheagan, suíochán cheann feadhna Chlann MhicLeòid.. Tá Dùn Bheagan suite i bparóiste Dhiùirinis,[2] agus tá an eaglais pharóiste i nDùn Bheagan. Sa bhliain 2011 bhí daonra 386 duine ann.[3]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDùn Bheagan

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 57°26′N 6°35′W / 57.44°N 6.58°W / 57.44; -6.58
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle na Gàidhealtachd Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistIV55 Cuir in eagar ar Wikidata

Logainm cuir in eagar

San‘‘The Norse Influence on Gaelic Scotland’’ (1910), tugann George Henderson le fios go dtagann an t-ainm ‘‘Dùn Bheagain’’ ón tSean-Ghaeilge ‘‘Dùn Bheccáin’’, Is ainm pearsanta Gaelach é 'Beccán'.

Tíreolaíocht cuir in eagar

Tá Dùn Bheagan suite ar an gcladach i Loch mór Dhùn Bheagan, agus tá cáil ar Old School Restaurant sa tsráidbhaile breac lena héisc a ghabhtar go húr ón loch féin. Tá Dún Bheagáin suite ag acomhal an A850, agus an A863.[4] Tá acomhal ag an mbóthar an B884. agus freisin leis an A863, ag an taobh thoir de Dhùn Bheagan.[5]

Déimeagrafaíocht cuir in eagar

Bíonn daonra buan Dhùn Bheagan ag laghdú. Mar sin féin, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine atá ag fanacht sa cheantar le linn saoire thar na blianta ó 2001 i leith.

Geilleagar cuir in eagar

Bhíodh eolas turasóireachta suite i bparáid na siopaí ag Taobh Locha, ach tá sé ar fáil anois ar bhonn séasúrach ag St Kilda Shop i gCaisleán Dhún Bheagáin. Bunaíodh Músaem an Fhathaigh MhicAsgaill, a dhéanann ceiliúradh ar shaol Aonghas Mhóir MacAsgaill i 1989 agus tá sé á bhainistiú ag Peter MacAskill, athair na dtrialacha rothaíochta Danny MacAskill.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Dunvegan, Ainmean-Àite na h-Alba". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-16. Dáta rochtana: 2022-08-16.
  2. "Details of Dunvegan".
  3. Highland Council 2011 census profile for Settlement Zones
  4. "A863".
  5. "B884".