Florence Nightingale

Banaltra Sasanach ab ea Florence Nightingale (12 Bealtaine 1820 - 13 Lúnasa 1910). Deirtear gurbh í Florence Nightingale máthair altranas nua-aoiseach, mar gheall ar an obair a rinne sí ar thaobh na mBriotanach i gCogadh na Crimé.

Florence Nightingale
Florence Nightingale (H Hering NPG x82368).jpg
Guth
Saol
Eolas breitheFlórans, 12 Bealtaine 1820
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Áit chónaitheRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásLondain, 13 Lúnasa 1910
Muintir
AthairWilliam Nightingale
MáthairFrances Smith
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmaltra, staitisteoir, scríbhneoir, polaiteoir agus múinteoir
Duaiseanna
BallraíochtRoyal Statistical Society (en) Aistrigh
SloinnteThe Lady with the Lamp
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas
Discogs ID1195412
Florence Nightingale Signature.svg
1836, lena deirfiúr Parthenope
timpeall 1850

SaolCuir in Eagar

 
le After Henrietta Rae, 1881-1891

Rugadh Florence ar an 20 Bealtaine 1820. Fuair sí a hainm ón cathair ina rugadh í. Florence san Iodáil. Bhí a muintir, as Sasana, saibhir agus ba í Florence an iníonn is óige. Níor d’fhreastail Florence ná a deirfiúr níos sine, Parthenope, ar scoil; bhí múinteoirí príobháideach aici sa mbaile.[1]

Níos déanaí, ní raibh Florence sásta pósadh; bhí sí ag iarraidh difear ceart a dhéanamh agus saol daoine a fheabhsú. Rinne Florence cinneadh a bheith ina banaltra. Ní raibh a mhuintir sásta leis an cinneadh seo. Ní raibh aon mheas ar bhanaltraí ag an am. Ní bhfuair siad aon oiliúint. Níor fhreastail ach daoine bochta ar ospidéil mar go raibh siad salach. Bhí dochtúir príobháideach ag daoine saibhir agus ní raibh orthu dul chuig an ospidéil.

Chuaigh Florence chuig Alexandria, san Éigipt, l’oiliúint a fháil. Ansin fuair sí post mar bhanaltra in ospidéal in Londain.

Thosaigh Cogadh na Crimé sa bhliain 1853. Bhí saighdiúirí Briotanach seolta ann ag Sidney Herbert, aire sa rialtas.[2] Bhí orthu troid in aghaidh an Rúis. Chuala Herbert faoi obair Florence Nightingale. D’iarr sé ar Nightingale altraí a thabhairt chuig an cogadh agus aire a thabhairt do na saighdiúirí. Ag an am, bhí níos mó saighdiúirí ag fáil bháis ó galar srl ná mar a bhí ón gcath, creid nó ná creid.

Sa Chrimé, bhí Nightingale ag gabháil timpeall agus ag seiceáil ar na hothair gach oíche. Bhí lampa aici agus í ag dul ó othar go hothar. Ghlaoigh na saighdiúirí, "An Bhean leis an Lampa" uirthi.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. scoilnet.ie. "Florence Nightingale". Dáta rochtana: 2021.
  2. "Sidney Herbert, 1st Baron Herbert of Lea" (as en) (2021-07-31). Wikipedia.