Gás nimhe í an fhoisgéin nó an chlóiríd charbóinile a bhfuil an fhoirmle cheimiceach COCl2 aige. Níl dath ar bith ann, agus is deacair an fhoisgéin a aithint ar an mboladh nuair nach bhfuil tiús ard ann san aer: leis an bhféar nuaghearrtha is mó a dhealrófá é. San am chéanna, is nimh láidir í an fhoisgéin a oibríonn ar na scamhóga cosúil leis an gclóirín, is é sin spreagann sí éidéim na scamhóg: carntar leacht sna scamhóga a thachtfaidh an t-othar.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachFoisgéin
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach97.933 Da
Rólchemical warfare agent (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachCCl₂O
SMILES canónta
Model 2D
C(=O)(Cl)Cl
InChIModel 3D
Airí
Dlús1.43 g/cm³ (a 32 °F, leacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach1.17 D
Pointe leáite−128 °C
−127.9 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe8 °C (a 760 Torr)
8 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach1.17 D
Galbhrú1.6 atm (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Meánteorainn nochta ualaithe ama0.4 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Uasteorainn nochta0.8 mg/m³ (luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte8.1 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response ()
Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (GHS06: cloigeann agus croschnámha, GHS05: creimeadh, GHS04: gas cylinder (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Cód Kemler268

Bhaintí úsáid as an bhfoisgéin mar arm ceimiceach ollscriosta sa Chéad Chogadh Domhanda. Ba mhinic a mheasctaí tríd an gclóirín é, agus is é an t-ainm a bhí ar an meascán seo ná an White Star, toisc gur ghnách na coimeádáin a mharcáil le réalta bhán. Tá an fhoisgéin níos nimhiúla ná an clóirín, agus ní aithneofá boladh na foisgéine thar bholadh an fhéir i machaire an áir. Ón taobh eile de, an dochar a dhéanann an fhoisgéin do na scamhóga bíonn sé sách fadaraíonach ag teacht i gcrann: is féidir leis an saighdiúir a ndeachaigh an gás i bhfeidhm air lá amháin a chaitheamh ag cur catha fós sula dtitfidh sé as a sheasamh.

Ba iad na Francaigh a bhain an chéad úsáid as an bhfoisgéin i bpáirc an áir sa bhliain 1915. Maidir leis na Gearmánaigh d'úsáid siad foisgéin an chéad uair i Mí na Nollag den bhliain chéanna, measctha tríd an gclóirín, i Wieltje in aice le hYpres sa Bheilg. De na saighdiúirí a maraíodh le gás sa chogadh sin ba í an fhoisgéin ba trúig bháis don fhormhór mhór acu. Mar sin féin níor chuimhnigh an saol mór uirthi i ndiaidh an chogaidh mar a chuimhnigh sé ar an ngás mustaird (an "chros bhuí").