Fráma scannáin
Séard is fráma scannáin (film frame i mBéarla) ann ná grianghraf aonarach a thógtar mar chuid de scannán. Scairtear na frámaí indibhidiúla óna chéile le línte frámaí.

Ráta Frámaí cuir in eagar
Teilgtear scannáin ag ráta 24 fráma in aghaidh an tsoicind. Tugtar an ráta frámaí air seo. I gcás físeáin, bíonn ráta frámaí de 24, 25 nó 30 fráma in aghaidh an tsoicind in úsáid. Braitheann an figiúr seo ar an gcaighdeán craolacháin físeáin atá in úsáid.