Frank Harte
B’amhránaí traidisiúnta é Frank Harte (14 Bealtaine 1933 – 27 Meitheamh 2005) a rugadh i Séipéal Iosóid. Bhí stór millteach amhrán aige.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Bealtaine 1934 Séipéal Iosóid, Éire |
Bás | 27 Meitheamh 2005 71 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, ceoleolaí, ailtire |
Uirlis | Ceol gutha |
Níor thréig sé riamh a dhúchas féin agus thaispeáin sé don domhan mór go bhfuil traidisiún saibhir amhránaíochta i mBaile Átha Cliath. Bhí eolas cuimsitheach aige bhí amhráin Ghaeilge aige, bíodh go raibh cúthaile áirithe air ina gcuibhreann; agus bailéid idirnáisiúnta, agus seanrabhcáin, agus scéalamhráin, agus ábhar Sasanach, Albanach, Oráisteach, srl.[2]
Bhí sé ar an tuairim nach bhfuil amhrán ann sa tsaol ach san uair ina chastar é; ní fíor-amhrán é ach san uair a ligtear saor an amhrán ó bhéal an amhránaí.[3]
Deireadh sé i gcónaí gurbh iad na hamhráin stair na muintire, "an chuid sin den stair nár scríobh na staraithe". Agus ina dhiaidh sin: "Iad siúd a bhfuil an chumhacht acu, scríobhann siad an stair; na daoine a fhulaingíonn is iad a bhreacann na hamhráin."
Bhuail taom croí Frank Harte ar 27 Meitheamh 2005, in aois 72 bliain dó.
Tionchar cuir in eagar
Reáchtáladh an fhéile Frank Harte gach bliain sa chlub Góilín.[4][5]
Saothar cuir in eagar
D’eisigh Frank an t-uafás ar cheirníní thar na blianta
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Antaine Ó Faracháin. "Frank Harte, 1933 – 2005" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-27.
- ↑ "Frank ár gcroí" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-06-27.
- ↑ "An Spailpín Fánach". spailpin.blogspot.com. Dáta rochtana: 2020-06-27.
- ↑ "The Frank Harte Festival" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-27.
- ↑ "An Góilín". www.goilin.com. Dáta rochtana: 2020-06-27.