Franz Mesmer

dochtúir Gearmánach

Lia agus astralaí Gearmánach ab ea Franz Anton Mesmer (23 Bealtaine, 1734 - 5 Márta, 1815) agus ba é a chum an téarma magnétisme animal (maighnéadachas ainmhíoch) nó mesmerisme mar a thug daoine eile air. Bunaíodh an hiopnóis ar a chuid taighde agus ar na teoiricí a bhí aige. Rugadh san Eilvéis é agus tar éis dó staidéar a dhéanamh in ollscoileanna Íosánacha Dillinge agus Ingolstadt, thug sé faoi léann na míochaine in Ollscoile Vín i 1759. Scríobh sé tráchtas ar thionchar na gealaí ar cholainn an duine. Phós sé baintreach shaibhir agus chuaigh ag obair mar dhochtúir i bpríomhchathair Impireacht na hOstaire, Vín. Chum sé a chuid teoiricí faoi mhaighnéadachas ainmhíoch agus thuill sé cáil i measc daoine saibhre cumhachtacha ach caitheadh go leor amhrais ar na modhanna a d'úsáid sé chun daoine a leigheas, nó bacanna ar shreabhadh fhórsaí na beatha tríd an cholainn a chealú.

Franz Mesmer
Franz Anton Mesmer, MRF - Vizille.jpg
Saol
Ainm iomlánFranciscus Antonius Mesmer
Eolas breitheIznang agus Loch Konstanz, 23 Bealtaine 1734
NáisiúntachtImpireacht Naofa Rómhánach
Áit chónaithePáras
Vín
Frauenfeld
BásMeersburg, 5 Márta 1815, 15 Márta 1815, 1815
Áit adhlacthaMeersburg
Muintir
AthairAnton Mesmer
MáthairMaria Ursula Mesmer
Céile/CéilíAnna Maria von Posch (en) Aistrigh  (Eanáir 1768 -
Teaghlach
Oideachas
Alma materOllscoil Dillingen
(1752 - 1754) : diagacht
Ollscoil Ingolstadt
(1754 - : diagacht
Ollscoil Vín
(1759 - Bealtaine 27, 1766) : míochaine
Leibhéal oideachaisDochtúir Leighis
Teangachaan Fhraincis
An Ghearmáinis
An Laidin
MúinteoiríGerard van Swieten
Anton de Haen
Mic léinnCharles Deslon
Armand-Marie-Jacques de Chastenet, Marcas Puységur
Gairm
Gairmdochtúir leighis, magnetizer (en) Aistrigh agus réalteolaí
Áit oibreVín agus Páras
FostóiríSociety of Universal Harmony (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachanimal magnetism (en) Aistrigh
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiMaximilian Hell (en) Aistrigh
BallraíochtAcadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas