Géibheann

dán le Caitlín Maude

Is dán é "Géibheann" a chum an file Caitlín Maude. Scríofa sa chéad phearsa, tugann an dán seo léirmheas ar shaol leoin atá cloíte ceansaithe i zú.

Is minic a dhéantar staidéar ar an saothar seo ar chúrsa Gaeilge na hArdteistiméireachta.[1]

Caitlín Maude, an file
Géibheann

Ainmhí mé


ainmhí allta

as na teochreasa

a bhfuil clú agus cáil

ar mo scéimh

chroithfinn crainnte na coille

tráth

le mo gháir


ach anois

luím síos

agus breathnaím trí leathshúil

ar an gcrann aonraic sin thall


tagann na céadta daoine

chuile lá

a dhéanfadh rud ar bith

dom

ach mé a ligean amach

File cuir in eagar

Rugadh Maude i Ros Muc i gConamara i 1941[2]. Ba mhúinteoir amhránaí í[2]. Bhain sí clú agus cáil amach mar amhránaí ar an Sean-nós (amhránaíocht), mar aisteoir, agus mar fhile[2]. Ghlac sí an príomhpháirt sa chéad léiriú den dráma An Triail in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath i 1964[2]. Foilsíodh dhá bhailiúchán dá cuid scríbhneoireachta tar éis a báis: 'Caitlín Maude: Dánta' (1984) agus 'Caitlín Maude: Drámaíocht agus Prós' (1988).

 
An áit ina rugadh Caitlín Maude

Téamaí an Dáin cuir in eagar

Daoirse/ easpa saoirse is téama don dán seo. Ainmhí allta is ea an cainteoir sa dán.[3]Bhí an t-ainmhí saor uair amháin ach anois tá sé i ngéibheann sa zú agus tá sé in ísle brí.[4] Is dán fáthchiallach é an dán seo ina léiríonn an file a saol mar saol an ainmhí sa zú. Ar leibhéal amháin is dán simplí é an dán seo ina bpléann an file cás ainmhí atá i ngéibheann sa . Ar an leibhéal litriúil seo tá an file ag déanamh cur síos ar an gcineál saoil a bhí ag ainmhí fiáin tráth. Lá amháin, bhí an t-ainmhí nó an leon saor sna teochreasa. Bhí sé láidir agus cumhachtach. Bhí sé i gceannas ansin, saor agus neamhspleách ina thimpeallacht nádúrtha. Is léir go raibh an t-ainmhí bródúil agus lán le féinmheas tráth. Ach ansin tugtar pictiúr dúinn den ainmhí céanna agus é i ngéibheann sa zú, é lán d'éadóchas agus in ísle brí. I gcodarsnacht leis an gcineál saoil a bhí aige tráth, anois níl sé saor agus é faoi smacht sa zú. Tá saoirse agus daoirse mar théama sa dán.

Sa bhreis ar sin, ar leibhéal níos doimhne, is dán agóide é i gcoinne dhúshaothrú an fhiadhúlra. B'fhéidir go bhfuil an file ag gearán faoi ainmhithe a thógáil as a dtimpeallacht nádúrtha agus a chur i gcásanna sa zú. Ceapann an file nár chóir do dhaoine ainmhithe a choimeád mar pheataí nó a chur i ngéibheann sa zú.

Is léir go bhfuil leibhéal níos doimhne ar fáil sa dán. Is dán domhain, casta é agus is féidir é a phlé ar bhonn meafarach nó fáthchiallach. Tig leis an leon a bheith mar shiombail nó mar mheafar don fhile nó don duine féin atá tar éis saoirse a bhlaiseadh ach í a chailleadh ina dhiaidh sin.

Má tá an file ag caint faoina saol féin is léir go bhfuil sí ag cur in iúl dúinn go mbreathainn sí go bhfuil sí i ngéibheann de chineál éigin. B'fhéidir go bhfuil a saol teoranta ina súile, go bhfuil sí cosúil leis an leon - í srianta ina saol. Tá seans ann go bhfuil easnamh éigin uirthi mar níl cead a cinn aici mar bhean, míchothromach agus cearta na mban a phlé, nó mar fhile- b'fhéidir nach bhfuil sí ag fáil aitheantais mar bheanfhile nó go bhfuil sí faoi bhrú maidir le hinspioráid nó cinsireacht.

Tá seans eile ann go bhfuil an file ag déanamh tagairt ar a drochshláinte. Fuair sí bás den ailse i 1982 mar sin sa dán, b'fhéidir go bhfuil sí ag déanamh comparáide idir í féin teanntaithe ina corp le hailse agus an leon i ngéibheann agus faoi ghlas sa zú. Tá an file sáinnithe leis an ailse, teanntaithe ina corp, gan fuinneamh, gan dóchas agus in ísle brí. Cosúil leis na cuairteoirí a thagann chun féachaint ar an leon sa zú, níl na cuairteoirí a thagann chuig an bhfile ábalta aon rud a dhéanamh di. Níl siad ábalta cabhrú léi nó í a leigheas.

Má tá an file ag caint go ginearálta faoi shaol an duine, b'fhéidir go bhfuil sí ag rá go mbíonn saoirse agus neamhspleáchas ag teastáil ó gach duine - cosúil leis an leon sa dán. Ach bíonn rialacha curtha i bhfeidhm, bíonn freagrachtaí againn agus coinníollacha le comhlíonadh againn go háirithe agus muid ag dul in aois. De ghnáth ní féidir le daoine a rogha a dhéanamh, mar sin ar leibhéal fáthchiallach is dán cumasach é a thugann an-léiriú dúinn ar easpa fairsinge an tsaoil chomhaimseartha.


Teideal cuir in eagar

Ciallaíonn 'Géibheann' príosúnacht, daoirse nó easpa saoirse. Sa dán seo tá an file, Caitlín Maude ag caint faoi ainmhí atá faoi ghlas i ngairdín na n-ainmhithe. Is dócha gurb í an file féin atá i gceist sa dán. Tá a fhios againn ó shaol pearsanta Chaitlín go raibh sí tinn tuirseach den chóras saoil a bhí timpeall uirthi. Chonaic sí 'géibheann' sa chóras sin.


Na Teicníochtaí Filíochta cuir in eagar

Is dán fáthchiallach é an dán seo. Úsáideann an file meafar sa dán seo chun comparáid a dhéanamh idir leon agus saol an fhile. Is meafar leanúnach é an leon i ngéibheann sa zú don fhile atá tinn le hailse. Braitheann sí teanntaithe ina saol, gan fuinneamh, gan dóchas, lag agus in ísle brí, tá an meafar seo éifeachtach mar tugann sé brí níos doimhne don dán.

Íomhánna cuir in eagar

Cruthaíonn an file dhá íomhá sa dán a bhfuil an-chodarsnacht eatarthu. Feicimid íomhá den ainmhí agus é saor uair amháin agus íomhá eile den ainmhí céanna agus é i ngéibheann sa zú. Feicimid bród agus uaisleacht san íomhá den leon agus é i gceannas ar a chinniúint féin ag tús an dáin. Osclaíonn an dán le dínit agus bród. Is ainmhí láidir, cumhachtach é, lán le féinmhuinín. Tá sé sláintiúil agus ag baint taitnimh as an saol. Tá uaisleacht agus láidreacht ag baint leis an íomhá: 'chroithfinn crainnte na coille, tráth, le mo gháir'.

Sa dara híomhá, a mhalairt den scéal a fheicimid. Tá an t-ainmhí i ngéibheann sa zú, is léir go bhfuil a mhisneach caillte aige. Déanann an focal 'tráth' an pictiúir truamhéalach: tá a fhios ag an ainmhí go bhfuil na laethanta sin imithe anois ach déanann an chuimhne an íomhá níos truamhéalaí mar tuigeann sé an difríocht idir inniu agus inné.

Ansin athraíonn an t-atmaisféar, tá an t-ainmhí sa zú anois: 'Ach anois luím síos'. Níl fuinneamh aige, tá sé in ísle brí. Tá ciúnas le cloisteáil san 's' agus tá dinít an ainmhí caillte agus é in áit mhínádúrtha. Is truamhéalach an íomhá seo agus a spiorad briste. Cruthaíonn an file codarsnacht idir saoirse na foraise agus daoirse an zú: 'agus breathnaím trí leathshúil'. Ní osclaíonn sé ach súil amháin a léiríonn easpa suime agus easpa fuinnimh. Tá an t-ainmhí briste agus ceansaithe.

Siombail agus Pearsantú cuir in eagar

Tá siombail ar fáil sa dán. Is féidir leis an zú a bheith ag seasamh don daoiseacht agus easpa neamhspleáchas. Sa bhreis ar sin, is féidir leis na coillte a bheith mar shiombail ar an shaoiseacht agus neamhspleáchas.
Tá pearsantú sa dán seo. Tá an dán sa chéad phearsa agus tá an file ag labhairt trí bhéal an leoin dúinn. Tá sé an-éifeachtach mar músclaíonn sé trua agus fearg sa léitheoir. Is féidir a rá go bhfuil pearsantú ar fáil sna línte; 'chroithfinn crainnte na coille Tráth le mo gháir' . Cuireann an pearsantú in iúl dúinn go raibh an leon chomh láidir agus cumhachtach sna coillte go raibh sé ábalta eagla a chur ar na crainnte.

Codarsnacht cuir in eagar

Úsáideann an file codarsnacht sa dán agus is teicníc an-éifeachtach í a chuireann saol an leoin sa choillte agus ansin sa zú in iúl dúinn. Cruthaíonn an file codarsnacht idir suíomh an ainmhí inniu agus inné. Tá an chodarsnacht idir an leon ag croitheadh chrainn na coille agus an leon céanna ag féachaint ar chrann aonraic sa zú trí leathshúil thar a bheith éifeachtach. Cruthaíonn an file codarsnacht idir suíomh an ainmhí inniu agus inné, idir nádúrthacht agus mínádúrthacht an tsuímh, idir saoirse agus daoirse agus idir dínit agus easpa dínite.

Nuair a bhí an t-ainmhí sna teochreasa bhí sé sláintiúil, bríomhar, fuinniúil agus láidir: ''chroithfinn crainnte na coille Tráth Le mo gháir''. Bhí dínit agus saoirse aige, bhí spás agus leithne timpeall air. Bhí sé bródúil as a áilleacht. Inniu agus é i ngéibheann sa zú, tá a spiorad ar fad briste. Níl aon rian den fhuinneamh ná den dínit fágtha aige. In ionad scanradh a chur ar ainmhithe eile caitheann sé a chuid laethanta anois ina luí, súil amháin oscailte ag breathnú ar an t-aon chrann amháin le feiceáil.

Toisc go bhfuil an t-ainmhí i ngéibheann in áit mhínádúrtha dó tá a anam go hiomlán scriosta.

cónasc' ar fáil sa dán a cuireann tús leis an gcodarsnacht sa dara véarsa: ach'- is briseadh drámatúil é sa dán. Tá codarsnacht ar fáil idir an úsáid a bhaineann an file as an aimsir láithreach 'ainmhí mé', 'ach anois luím síos' agus an aimsir gnáthchaite chun an difríocht atá ar fáil idir an gcineál saoil a bhíodh ag an leon tráth agus an saol atá aige anois a phlé.

 
An Crann Aonraic

Caint Díreach agus Athrá cuir in eagar

Baineann an file úsáid as caint díreach chun dearcadh an leoin a chur in iúl, mar sin tá dáiríreacht agus creidiúnacht tugtha don dán - tá réalachas ar fáil mar sin. 'Ainmhí mé'- Tá guth ar fáil sa dán agus léiríonn an teicníc seo go bhfuil dán pearsanta é.

Tá athrá ar fáil sa dán mar shampla 'Ainmhí mé, ainmhí allta' . Tá sé éifeachtach mar cuireann sé béim ar chumhacht an leoin agus ar an dearcadh cé go bhfuil an leon i ngéibheann is ainmhí fiáin é ó dhúchas agus níl sé ceart é a chóiméad i zú.


Friotal cuir in eagar

Is dán simplí é an dán seo agus baineann Caitlín Maude úsáid as friotal lom agus gonta. Baineann an file úsáid as friotal nádúrtha simplí caint na ndaoine. Tagann na focail ón gcroí. Éiríonn leis an bhfile cás an t-ainmhí a chur os ár gcomhair go healaíonta. Ach cé go bhfuil an dán simplí le tuiscint ar leibhéal amháin, éiríonn leis an bhfile téama domhain agus teachtaireacht láidir a chur in iúl.

Sa chéad líne, cruthaíonn an file dínit agus uaisleacht an ainmhí. 'Ainmhí mé'' Is líne láidir é sin ón ainmhí ag éileamh go bhfeiceann daoine air. Cuireann na focail 'teochreasa, scéimh, chroithfinn, mo gháir' seansaol an ainmhí in iúl nuair a bhí fuinneamh agus saoirse aige.

Leis an focal 'tráth', éiríonn leis an bhfile brón agus truascéal an ainmhí a chur i láthair. Tá na laethanta saora, órga imithe go deo.

Sa dara leath, éiríonn an dán níos ciúine, 'ach anois lúim síos'. Is léir go bhfuil an fuinneamh agus an chumhacht imithe. Arís sa líne 'trí leathshúil' is léir go bhfuil an neart imithe ionas go bhfuil an t-ainmhí sáraithe.

Leis na focal 'ach' agus 'aonraic', léiríonn an file an chodarsnacht mhór i saol an ainmhí. Éiríonn léi mórán a rá i mbeagán focal.

[5]Baineann an file úsáid as meadracht nua-aimseartha- an tsaorvéarsaíocht. Tá an teicníc seo oiriúnach d'ábhar an dáin mar baineann an príomhthéama le saoirseacht agus mar sin is léir nár mhaith leis an bhfile a bheith ceangailte suas le rialacha meadrachta na rialacha véarsaíochta. Níl aon srian curtha ar an bhfile a cuid smaointe a chur in iúl. Tá na línte an ghearr agus níl siad rialta ar bith. In ainneoin tá rithim an ghnáthchainte sa dán.

Baineann an file úsáid as uaim sa dán. Cuireann uaim le ceol na bhfocal agus cuireann sé béim ar theachtaireacht an dáin mar go mbíonn sé níos éasca cuimhneamh ar ráiteas an fhile: 'Ainmhí allta', 'Chroithfinn crainnte na coille'.

Úsáideann an file siosach sa dara véarsa, 'Ach anois, luím síos.' cuireann sé béim ar an easpa fuinnimh atá ag an leon agus é i ngéibheann sa zú.

An Dán as Béarla cuir in eagar

I am an animal

a wild animal

 
An leon a bhí saor uair amháin.

from the tropics

celebrated far and wide

for my beauty

once

I’d shake the forest trees

with my roar

but now

I lie down

and stare through one eye

at that solitary tree over there

people come in their hundreds

every day

who would do anything at all

for me

except release me.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Coimisiún na Scrúduithe Stáit (Nollaig 2010). "The Irish Examination in the Leaving Certificate for 2012 onwards (Higher Level, Ordinary Level and Foundation Level)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-14. Dáta rochtana: 2021/07/06.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 "Caitlín Maude - Próifíl" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2021-07-06.[nasc briste go buan]
  3. "Géibheann le Caitlín Maude - Scoilnet". www.scoilnet.ie. Dáta rochtana: 2019-02-19.
  4. "FILÍOCHT NA hARDTEISTE: Géibheann – físeán, nótaí agus gníomhaíochtaí…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-02-19.
  5. "FILÍOCHT NA hARDTEISTE: Géibheann – físeán, nótaí agus gníomhaíochtaí…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-02-19.
  6. Catilín Maude. "Captivity".

Naisc sheachtracha cuir in eagar