Galen
Bhí Galen as Péargamon (rugadh timpeall na bliana 129 i bPéargamon, agus d'éag timpeall na bliana 199), ina lia Gréagach.
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Claudius Galenus |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 129 ↔ 131 Péargamas (An tSean-Róimh) |
Bás | 201 ↔ 216 an Róimh |
Áit chónaithe | Péargamas |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Míochaine, anatamaíocht, fealsúnacht agus loighic |
Gairm | scríbhneoir leighis, eolaí néarchórais, dochtúir leighis, bitheolaí, máinlia, fealsamh |
Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe |
Mac/iníon léinn de chuid | Albinus, Satyros agus Aelianus Meccius |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Teaghlach | |
Athair | Aelius Nicon |
Rinne sé neart fionnachtana ar chúrsaí leighis trí mionscrúdú a dhéanamh ar ainmhithe áirithe cosúil le muca, madraí agus moncaithe.
Glacadh lena thuairimí i leith ghníomhaíochtaí an chroí, na n-artairí agus na bhféitheacha, go dtí an bhliain 1628, nuair a tháinig teoiric William Harvey chun cinn, is é sin go sreabhann an fhuil timpeall na colainne de bharr imbhualadh an chroí a fheidhmíonn mar chaidéal.[1]
Ní fios go baileach cé mhéad alt léannta ar scríobh sé ach meastar go raibh níos mó ná 400 dóibh. Scríobhadh i nGréigis iad. Cailleadh cuid mhaith dóibh nuair a dódh Leabharlann Chathair Alastair agus le scrios Impireacht na Róimhe scaipeadh iad.
Siad na cinn is mó atá le fáil anois ná na cinn a haistríodh go hAraibis agus ar bhunaigh na hArabaigh agus níos déanaí na hEorpaigh a léann leighis. Bhí tionchar ollmhór ag a chuid tuairimí sna Meánaoiseanna. I ndeireadh thír thall, agus an leigheas agus an eolaíocht ag forbairt, ba léir go raibh cuid mhaith dá chuid tuairimí míchruinn.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Furley, D, and J. Wilkie, 1984, Galen On Respiration and the Arteries, Princeton University Press, and Bylebyl, J (ed), 1979, William Harvey and His Age, Baltimore: Johns Hopkins University Press