Geert Wilders
Polaiteoir agus pobalóir de chuid na hÍsiltíre, i bhfad amach ar an eite deise, is ea Geert Wilders (a rugadh ar 6 Meán Fómhair 1963). Is Eoraisceipteach é Wilders atá i gcoinne na hinimirce agus nach gcreideann san athrú aeráide ach oiread.[1] Bhunaigh sé an PVV[2], 'Páirtí ar son na Saoirse' nó 'Party for Freedom', san Ísiltír in 2006, páirtí frith-inimirce, Ioslamafóibeach agus frith-Eorpach.[3]
Tá stíl ghruaige ar leith ar Wilders agus tugtar "fear na gruaige buí" air uaireanta, lena ghruaig leathfhada, daite fionn le sárocsaíd.[4]
Gairm
cuir in eagarÓ 2006 ar aghaidh, bhí tionchar as cuimse ag Wilders agus a Pháirtí ar son na Saoirse ar pholaitíocht na hÍsiltíre.[5] Ar fhaitíos go gcaillfidís vótóirí a rachadh le gluaiseacht Wilders, bhog páirtithe na heite deise níos faide ar dheis, agus bhog páirtithe na heite clé i dtreo an láir. Páirtí "nuachoimeádach" an iar-phríomhaire Mark Rutte (idir 2010 agus 2023, ó am go ham), an VVD ba mhó a bhog i dtreo Wilders.[5]
Sa bhliain 2017, níor éirigh le Wilders an bua a fháil san olltoghchán.[5]
2023-2024
cuir in eagarAr 21 Samhain 2023, bhí bua mór ag PVV Geert Wilders san olltoghchán. Chaith duine as gach ceathrar de na vótóirí san Ísiltír vóta do pháirtí Wilders. Bhí ríméad ar pholaiteoirí na heite deise ar fud na hEorpa tar éis an olltoghcháin, agus an -tathrú mór i saol na polaitíochta san Ísiltír, dar leo. Chuir polaiteoirí ar nós Viktor Orban san Ungáir agus Marine Le Pen sa Fhrainc fáilte is fiche roimh na torthaí.[1] Ach bhí an-imní ar ghrúpaí Ioslamacha sa tír mar gheall ar an Ioslamafóibe a léirigh Wilders le roinnt blianta anuas.
Agus 37 as 150 suíochán ag pháirtí Wilders, is ar éigean go n-éireoidh leis an PVV agus páirtithe na heite deise agus an láir comhrialtas a chur le chéile eatarthu féin.[6] Bhí sé ráite ag ceannairí fhormhór mór na bpáirtithe eile nach go rachaidh siad i gcomhrialtas leis.
I mí Bealtaine 2024, d’fhógair Wilders go raibh a pháirtí féin, an PVV, agus trí pháirtí eile (nualiobrálaigh an VVD, feirmeoirí feargacha an BBB agus páirtí nua de chuid an láir, an NSC) réidh chun comhrialtas a bhunú, ach nach mbeadh sé féin ina chéad aire. D’fhógair na ceithre pháirtí clár rialtais arbh é an rún go gcuirfí srianta fíorláidre le líon na n-iarrthóirí tearmainn agus inimirceach eile an ghné ba shuntasaí de.[7]
Bhí an chuma ar an scéal go bhfógrófaí go n-ainmneofaí Ronald Plasterk, iarpholaiteoir aitheanta de chuid an Lucht Oibre (PvdA) agus bitheolaí, ina chéad aire. Ach cuireadh i leith Plasterk gur shaothraigh sé na milliúin euro le paitinn bunaithe ar thaighde bitheolaíoch nach ndearna sé féin. B'éigean dó tarraingt siar agus a fhógairt go poiblí nach mbeadh fáil air do phost an chéad aire.[7]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 COnradh na Gaeilge, Londain (25 Samhain 2023). "Nuacht Mhall (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-02.
- ↑ Páirtí voor de Vrijheid
- ↑ Alex Hijmans (9 Nollaig 2015). "Wir haben es nicht gewüsst: fás na hIoslámafóibe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-23.
- ↑ Alex Hijmans (2010). "Rogha Chinniúnach san Ísiltír" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-11-23.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Alex Hijmams (Márta 16 2017). "Diúltaithe ag muintir na hÍsiltíre do Geert Wilders den cheathrú huair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-10.
- ↑ Alex Hijmans (23 Samhain 2023). "Páirtí frith-inimirce seanbhunaithe Geert Wilders ar an an bpáirtí is mó san Ísiltír" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-23.
- ↑ 7.0 7.1 Alex Hijmans (22 Bealtaine 2024). "Dris chosáin nua sa bhealach ar Geert Wilders san Ísiltír" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-23.