Geoffroi de Villehardouin
Croiniceoir agus cniocht Francach ab ea Geoffroi de Villehardouin. Do rugadh thart ar an mbliain 1150 é agus do fuair sé bás idir Mí na Nollag insan mbliain 1212 agus Mí an Mheithimh insan mbliain 1218.[1] Mar chniocht, do chuaigh Geoffroi de Villehardouin ar chrosáid agus do bhí sé páirteach i gconcas Iarúsailéim (1203 - 1204), rud a tharla i rith na Ceathrú Crosáide, agus i mbunú Impireacht Laidineach an Oirthir. Do deineadh Maréchal de Champagne (Gaeilge: 'Marascal Champagne') de Gheoffroi de Villehardouin agus dob é ina Mharéchal de Romanie (.i. 'Marascal d'Impireacht Laidineach an Oirthir') ina dhiaidh sin.
Geoffroi de Villehardouin | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Aube, c. 1150, 1148 | ||
Náisiúntacht | An Fhrainc | ||
Bás | 1210s, 1213 | ||
Muintir | |||
Athair | Vilain de Villehardouin, Sire de Villehardouin | ||
Máthair | Dameron | ||
Céile/Céilí | Channe de Villemaur (en) ![]() Chane de Lezinnes (en) ![]() | ||
Páistí | liosta iomláin
| ||
Oideachas | |||
Teangacha | an Fhraincis | ||
Gairm | |||
Gairm | scríbhneoir agus croiniceoir | ||
Céim | ridire | ||
Discogs ID | 5366304 |
SaotharCuir in Eagar
Ón mbliain 1207 go dtí an bhliain 1213, do scríobhadh Geoffroi de Villehardouin De la Conquête de Constantinople (Gaeilge: 'Fé Choncas Chathair Chonstaintín'), croinic a insíonn stair na Ceathrú Crosáide agus a thugann léargas dúinn ar eachtraí a tharla idir an bhliain 1198 agus an bhliain 1207 go háirithe. Ba i Sean-Fhraincis a scríobh Geoffroi de Villehardouin an chronic seo agus tá clú agus cáil uirthi de bharr chumas a scríbhneoireachta.
Ón 19ú haois amach, do chuir staraithe áirithe ar Gheoffroi de Villehardouin nach ndúirt sé an fhírinne ghlan maidir leis an gCeathrú Crosáid insan gcroinic a chum sé fúithi: Dar leis na staraithe siúd, ba é de dheasca comhcheilge réamhbheartaithe - comhcheilg a raibh muintir na Venéise nó daoine Gearmánacha thaobh thiar di - a chuaigh an Ceathrú Crosáid ar strae agus de dheasca na comhcheilge chéanna a deineadh dearmad ar an aidhm a bhí mar bhunús leis an gcrosáid leis. Ní dhéanann Gheoffroi de Villehardouin aon trácht ar a leithéid de chomhcheilg agus síleann na staraithe sin nach ndéanann sé aon trácht uirthi toisc go raibh sí á ceilt aige, nó toisc nach raibh sé ar an eolas fúithi fiú. Ní aontaíonn gach staraí leis an ndearcadh san, áfach; ceapann go leor staraithe nach raibh aon chomhcheilg ar bun le linn na Ceathrú Crosáide agus, fiú dá mba rud é go raibh a leithéid de rud ar siúl, ceapaid nár dhein Geoffroi de Villehardouin aon iarracht rudaí a cheilt, ná a athrú, agus a chroinic á scríobh aige.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Jean Longnon, Les Compagnons de Villehardouin : Recherches sur les croisés de la quatrième croisade (Genève: Droz, 1978), lch. 26, 32.