Is éard is Geomoirfeolaíocht ann (ón Ghréigis: γῆ , , "talamh", μορφή morphḗ, "foirm", agus λόγος, lógos "staidéar") ná an staidéar eolaíoch ar bhunús agus éabhlóid na ngnéithe topagrafacha agus bataiméadracha cruthaithe ag na próisis fhisiceacha, cheimiceacha nó bhitheolaíocha, a fheidhmionn ar nó in aice dhromchla an Domhain. Bíonn geomoirfeolaithe ar thóir na tuisceana ar; cén fáth a mbreathnaíonn na tírdhreacha mar a amharcann siad, chun staire agus dinimice na n-athruithe ar na tírghnéithe a thuiscint.

Drochthailte (:Béarla: Badlands) greanta i sceall ag bun an ardchláir 'North Caineville Plateau', Utah, laistigh den bhearnas a chruthaigh an  Abhainn Freemont (Béarla: Freemont River), ar a dtugtar an Geata Gorm (Béarla: Blue Gate). Rinne G.K. Gilbert staidéar ar tírdhreacha an cheantair seo go mion mór, a thug bunús na breathnóireachta dó le haghaidh go leor dá chuid staidéir ar an gheomoirfeolaíocht.[1]
Dromchla an Domhain. Tá an dath dearg ag taispeáint an talaimh níos airde.


Tagairtí cuir in eagar

  1. Gilbert, Grove Karl, and Charles Butler Hunt, eds. Geology of the Henry Mountains, Utah, as recorded in the notebooks of GK Gilbert, 1875–76. Vol. 167. Geological Society of America, 1988.