Carraig dhríodair a cruthaíodh den chuid is mó ó fhosuithe cré táite is dlúite. Bíonn ineamhnaitheacht shainiúil ar feadh na bplánaí fosaithe, is é sin, scoilteann sé go héasca ar feadh dromchlaí comhthreomhara le spáis bheaga eatarthu mar gheall ar threoshuíomh na bplátaí de mhianraí cré. Bíonn dóthain ábhair orgánaigh lofa i sceallaí ola gur féidir ola a eastóscadh as trí dhriogadh millteach.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann le mianra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.