Is eacnamaí, iriseoir agus iarpholaiteoir é George Lee (27 Meán Fómhair 1962 a rugadh é).

Infotaula de personaGeorge Lee

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Meán Fómhair 1962
61 bliana d'aois
Teach Mealóg, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
6 Meitheamh 2009 – 8 Feabhra 2010
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
London School of Economics
Coláiste Éanna Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeacnamaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1521191 Cuir in eagar ar Wikidata

Óige cuir in eagar

As Teach Mealóg i mBaile Átha Cliath dó. Ba mheicneoir é a athair a raibh ochtar clainne aige agus ba é George Lee an dara duine is óige. D'fhreastail sé ar Choláiste Éanna, scoil de chuid na mBráithre Críotaí i mbruachbhaile Bhaile Uí Ruáin.

RTÉ cuir in eagar

B'anailísí eacnamaíoch agus iriseoir de chuid RTÉ é ó 1992 go 2009. Ainmníodh Lee mar Iriseoir Éireannach na Bliana 1998.

Polaiteoir cuir in eagar

D'fhógair sé ar an 5 Bealtaine 2009 go raibh sé ag éirí as a phost chun ainmniúcháin Fhine Gael a lorg don fhothoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas. Fuair sé an t-ainmniúchán an chéad lá eile.

Toghadh é ar an gcéad comhaireamh ar an 6 Meitheamh 2009 le 27768 vóta (53.72%).

D'fhógair sé ar an 8 Feabhra 2010 go raibh sé ag éirí as an Dáil agus as páirtí Fhine Gael. An chúis a thug sé ná nach raibh tionchar aige ar pholasaithe Fhine Gael.

Naisc sheachtracha cuir in eagar