Giacomo Matteotti
Polaiteoir sóisialach Iodálach ab ea Giacomo Matteotti ( 22 Bealtaine 1885 – 10 Meitheamh 1924). Ar 30 Bealtaine 1924, labhair sé go hoscailte i bParlaimint na hIodáile (Parlamento italiano) ag líomhain go ndearna na faisistithe Iodálacha calaois in olltoghchán na hIodáile sa bhliain 1924, agus cháin sé an foréigean a d'úsáid siad chun vótaí a fháil. Aon lá dhéag ina dhiaidh sin, fuadach agus mharaigh Faisistigh é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (it) Giacomo Lauro Matteotti 22 Bealtaine 1885 Fratta Polesine |
Bás | 10 Meitheamh 1924 39 bliana d'aois an Róimh |
Siocair bháis | Dúnbhású (Sádh) |
Áit adhlactha | cemetery of Fratta Polesine (en) |
Comhalta de Chomhlachas Teachtaí de Ríocht na hIodáile | |
24 Bealtaine 1924 – 10 Meitheamh 1924 Téarma parlaiminte: 27ú reachtas Ríocht na hIodáile | |
Comhalta de Chomhlachas Teachtaí de Ríocht na hIodáile | |
11 Meitheamh 1921 – 25 Eanáir 1924 Téarma parlaiminte: 26th Legislature of the Kingdom of Italy (en) | |
Comhalta de Chomhlachas Teachtaí de Ríocht na hIodáile | |
1 Nollaig 1919 – 7 Aibreán 1921 Téarma parlaiminte: 25th Legislature of the Kingdom of Italy (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Bhologna (–1907) Liceo Celio-Roccati (en) (–1903) |
Céim acadúil | laurea |
Áit chónaithe | Casa-Museo Giacomo Matteotti (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Polaitíocht |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | United Socialist Party (en) (1922–1924) Páirtí Sóisialach na hIodáile (1904–1922) |
Teangacha | An Iodáilis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Ríocht na hIodáile |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Velia Titta |
Páiste | Giancarlo Matteotti, Gianmatteo Matteotti |
Athair | Girolamo Stefano Matteotti (en) agus Elisabetta Garzarolo (en) |
Gairm pholaitiúil
cuir in eagarRugadh Matteotti i dteaghlach saibhir, i Fratta Polesine, Cúige Rovigo i Veneto . Bhain sé céim sa dlí amach in Ollscoil Bologna .
Bhí sé ina aindiachaí [1] agus go luath ina ghníomhaí sa ghluaiseacht sóisialach agus i bPáirtí Sóisialach na hIodáile (Partito Socialista Unitario (PSU)), chuir sé i gcoinne na hIodáile páirt a ghlacadh sa Chéad Chogadh Domhanda (agus imtheorannaíodh é sa tSicil le linn na coinbhleachta ar an gcúis sin).
Toghadh é ina ionadaí trí huaire: i 1919, 1921 agus 1924 .
Mar dheisceabal de chuid Filippo Turati, rinneadh ceannaire den Pháirtí Sóisialach Aonadach leasaitheach (PSU) de i Teach na dTeachtaí ,(Camera dei deputati) tar éis dó Páirtí Sóisialach na hIodáile (Partito Socialista Italiano), a bhí níos radacaí, a fhágáil.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Antonio G. Casanova, Matteotti. Una vita per il socialismo, Bompiani, Milan, 1974, p. 90.