Giambattista Pittoni

péintéir Iodálach (1687–1767)

Péintéir Iodálach den aois Bharócach déanach nó den Rocócó ab ea Giambattista PittoniGiovanni Giambattista Pittoni (6 Meitheamh 16876 Samhain 1767). Bhí sé ar bhunaitheoirí Acadamh Shaorealaíona na Veinéise, ar ar éirigh sé ina uachtarán sa bhliain 1758 mar chomharba ar Tiepolo.

Infotaula de personaGiambattista Pittoni

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Meitheamh 1687
An Veinéis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Samhain 1767
80 bliana d'aois
An Veinéis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSan Giacomo dell'Orio (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán
Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAn Veinéis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre An Veinéis
Poblacht na Veinéise Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, maisitheoir, ollamh, comhairleoir ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtBarócach agus Rocócó
Mac/iníon léinn de chuidFrancesco Pittoni agus Antonio Balestra
Mac/iníon léinnAnton Kern agus Cesare Ligari
Saothar
Saothar suntasach

Discogs: 4729153 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Pittoni sa Veinéis ar 6 Meitheamh 1687. Rinne sé staidéar faoi uncail leis, Francesco Pittoni, péintéir den scoil Bharócach Veinéiseach a bhí aitheanta lena linn ach nár mhair cáil a shaothair. Shínigh siad beirt Samson and Delilah, saothar atá sa Villa Querini in Visinale, in Pasiano di Pordenone.

Ní raibh Pittoni toilteanach imeacht óna Veinéis dhúchasach agus ba ar éigin a thaistil sé. Cé go bhfuair sé neart coimisiún ó thar lear, níl aon fhiannaise ann go ndearna sé turas ar bith mar thoradh orthu, agus taispeánann na cáipéisí a bhaineann lena shaol go raibh sé sa Veinéis gach bliain ó 1720 amach. Is féidir, áfach, go ndeachaigh sé ar turas go dí an Fhrainc sa bhliain 1720 in éineacht le Francesco, Rosalba Carriera, Antonio Pellegrini agus Anton Maria Zanetti. D'athraigh stíl Giambattista ó cheann Barócach trom go stíl Rocócó a bhí ní ba éadroime fíneá; cheap cuid scoláirí gur tionchur indíreach Francach a bhí i gceist, b'fhéidir trí Pellegrini nó trí Sebastiano Ricci.

Fuair Pittoni bás sa Veinéis ar 6 Samhain 1767.

 
Bás Sophonisba le Giambattista Pittoni

Tagairtí cuir in eagar