Gleann Nibheis
Is gleann é Gleann Nibheis[1] (Béarla:Glen Nevis) i Loch Abar, sna Garbhchríocha, leis an Ghearasdan ag a bhun. Tá raon na Maman ina teorainn aige ó dheas, agus ó thuaidh tá na sléibhte is airde sa Bhreatain: Beinn Nibheis, Càrn Mór Dearg, An t-Aonach Mòr, agus An t-Aonach Beag.
Gleann Nibheis | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
Limistéar comhairle in Albain | Comhairle na Gàidhealtachd |
Ag leanúint suas an gleann, ag taisteal ó dheas ón Ghearasdan, is gleann beag é an gleann ar dtús, le hionad campála agus brú óige. Ritheann bóthar poiblí 10 km suas an gleann. Tar éis 7 km tá uillinn sa ghleann; casann an gleann soir agus athraíonn an bóthar ina raon singil. Tar éis an charrchlóis ag deireadh an bhóthair, tá an gleann ina scornach 2 km ar fhad, agus tá sé deacair an cosán a leanúint go dtí an gleann uachtarach atá sách síochánta. Is é Iontaobhas John Muir a chothaíonn an cosán feadh Bheinn Nibheis. Anseo ag ceann an ghleanna uachtair tá droichead sreinge trasna na habhann, an t-Uisge Nibheis, both glasála do theach na n-aoirí roimhe seo, agus ceann de na heasanna is airde sa Bhreatain Mhór, an Steall. Tugtar Steall ar an bhothán freisin.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-17.