Fine d’éin phasaireacha iad na Eurylaimidae atá comhdhéanta de dhá ghéineas déag agus fiche speiceas.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoEurylaimidae Cuir in eagar ar Wikidata

Eurylaimus javanicus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineEurylaimidae Cuir in eagar ar Wikidata
Lesson, 1831

Cur síos cuir in eagar

Is éin chrannacha iad de mhéid beag go meánach (11.5-28.5 cm), le ceann ollmhór agus gob mór comhréidh ionas go bhfuil cuma thriantánach air nuair a bhreathnaítear air agus tú díreach lastuas de. Clúdaíonn an mandabal uachtarach atá beagán cuartha, an mandible íochtarach go hiomlán cuartha. Bogann siad go mall de ghnáth, agus bíonn cluimhreach dhaite gheal ar go leor acu.[1].

Gnáthóga agus dáileadh cuir in eagar

Clúdaíonn limistéar dáilte na hEurylaimidae an crios Afratrópaiceach agus an crios Ind-Mhalaech. Bíonn cónaí orthu i machairí agus foraoisí sléibhe ach, freisin coillte oscailte agus ceantair saothraithe go háitiúil agus timpeallachtaí oscailte eile.

Sanasaíocht cuir in eagar

Tagann an t-ainm Eurylaimidae ón ghéineas Eurylaimus atá comhdhéanta de na focail Ghréagacha "Eury", leathan agus "Laimos", scornach, mar gheall ar a cheann mór agus ar an bhfíric go bhfuil an cúigiú veirteabra ceirbheacsach sa bhreis aige.

Struchtúr neide cuir in eagar

Tógann na héin neadacha galánta, ar crochadh de ghnáth ó chraobh os cionn sruth uisce. Cuimsíonn an tógáil phiorrachruthach taobh-bhealach isteach agus tá bíonn sí déanta as ábhair éagsúla: duilleoga, lanna féir, mionfhréamhacha ... In a lán cásanna, bíonn an taobh amuigh clúdaithe le stiallacha caonach a chrochtar faoin nead uaireanta, gan amhras chun duaithníocht a dhéanamh uirthi agus í a chosaint ó na creachadóirí a mbíonn sna na dufairí.

De ghnáth bíonn 2 nó 3 ubh sa nead

Liosta aibítreach na ngéineas cuir in eagar

Tacsanomaíocht agus córasaíochtí cuir in eagar

Cuimsíonn an fhine naoi speiceas agus cuirtear cúig cinn díobh ina ngenera monatipicúla féin:

Íomha Géineas Speiceas Beo
  Cymbirhynchus Vigors, 1830
  • Cymbirhynchus macrorhynchos
  Psarisomus Swainson, 1837
  • Psarisomus dalhousiae
  Serilophus Swainson, 1837
  • Serilophus lunatus
  Eurylaimus Horsfield, 1821
  • Eurylaimus javanicus
  • Eurylaimus ochromalus
  Sarcophanops Gould, 1877
  • Sarcophanops steerii
  • Sarcophanops samarensis
  Corydon Lesson, 1828
  • Corydon sumatranus
Pseudocalyptomena Rothschild, 1909
  • Pseudocalyptomena graueri

Tagairtí cuir in eagar

  1. McClure, H. Elliott (1991). Forshaw, Joseph (ed.). Encyclopaedia of Animals: Birds. London: Merehurst Press. p. 158. ISBN 1-85391-186-0.