Gordon McCoy

scríbhneoir as Contae an Dúin

Scríbhneoir is ea Gordon McCoy.

Infotaula de personaGordon McCoy
Beathaisnéis
BreithTamhnaigh Naomh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

As Tamhnaigh Naomh i gContae an Dúin dó. Tá céim bainte amach aige sa Cheiltis agus san Antraipeolaíocht Sóisialta agus sa bhliain 1997 bhronn Ollscoil na Ríona dochtúireacht air dá thráchtas ar Phrotastúnaigh a d'fhoghlaim Gaeilge.

Eagraíochtaí cuir in eagar

Ball de dhá choiste de chuid Chomhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann (an Grúpa Comhairle Éagsúlachta Cultúir agus an Grúpa Comhairle Taighde agus Acmhainn) ba ea é. Comhalta ar Fhoras na Gaeilge ba ea é. Is ball den choiste atá i mbun athbhreithnithe ar pholasaí trasphobal an Roinn Oideachais é. Thosaigh sé ag obair le hIontaobhas ULTACH sa bhliain 1997 agus is é an t-oifigeach forbartha é.

Saothair cuir in eagar

Bhí McCoy mar chomheagarthóir ar Aithne na nGael/Gaelic Identities (2000), a chuireann traidisiún na Gaeilge in Éirinn agus in Albain i gcomparáid le chéile. Is iomaí alt atá scríofa aige d’irisí léannta ar ghnéithe de ghluaiseacht na teanga agus ar fhoghlaimeoirí Protastúnacha na teanga, agus foilsíonn sé altanna ar théamaí a bhaineann le polaitíocht agus cultúr. Scríobhann sé féin agus Róise Ní Bhaoill “Taisce Focal”, alt d'fhoghlaimeoirí ar an iris líonláithreáin Beo!. Sa tsraith seo, cuireann siad focail agus cora cainte i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach bhfuil ar eolas ag go leor de lucht foghlamtha na teanga. Scríobhann siad faoi théama faoi leith gach mí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar