Beo!

irisleabhar Gaeilge ar líne

Iris idirlín mhíosúil Gaeilge ba ea Beo!. Chuir Liam Ó Cuinneagáin tús léi i mí na Bealtaine 2001.[1] I ndiaidh 161 uimhir di a bheith foilsithe, tháinig deireadh le Beo! i nDeireadh Fómhair na bliana 2014. Oideas Gael a d'fhoilsigh an iris, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Bosca Sonraí Suíomh GréasáinBeo!
URLhttp://www.beo.ie/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálirisleabhar ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhísBealtaine 2001 Cuir in eagar ar Wikidata
Scor seirbhíseDeireadh Fómhair 2014 Cuir in eagar ar Wikidata

Is féidir i gcónaí teacht ar gach alt a foilsíodh ariamh ag Beo! sa chartlann ag suíomh na hirise.

Tréithe cuir in eagar

  • I measc na rannóg san iris, bhí 'Ar na Saolta Seo' (cúrsaí reatha), 'Teanga agus Cultúr', 'Cúrsaí Spóirt', 'Rannóg na bhFoghlaimeoirí', 'Cúinne na nEalaíon' agus 'Cúrsaí Teicneolaíochta'.
  • Bhí clár plé san iris chomh maith a thug deis do dhaoine a gcuid tuairimí a nochtadh faoi ábhar na hirise nó faoi scéalta a bhí i mbéal an phobail.
  • Bhí gluais ag dul le gach alt, rud a chiallaíonn gur féidir leis an foghlaimeoir é a léamh gan an foclóir.
  • Bhí an iris idirghníomhach, chomh maith; tar éis duit alt a léamh, mar shampla, bhí na léitheoirí in ann scrúdú beag a dhéanamh chun a gcuid eolais ar stór focal an ailt a thástáil.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Beo! - suíomh oifigiúil

Tagairtí cuir in eagar

  1. an Cuinneagánach ar RTÉ, 2001. "Online Publishing In Irish" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-07-16.