An Mhórsceir Bhacainneach
Is ceann d'iontais na cruinne í an Mhórsceir Bhacainneach, an Great Barrier Reef, an sceir choiréil is mó ar domhan.. Tosaíonn sí taobh thoir thuaidh de Leithinis Rinn York in oirthuaisceart na hAstráile agus síneann sí 2,000 ciliméadar ó dheas le cósta Queensland.
(en) Great Barrier Reef | ||||
Cineál | Coral reef (en) , natural cultural heritage site (en) agus díol spéise do thurasóirí | |||
---|---|---|---|---|
Lonnaithe i limistéar cosanta | Great Barrier Reef Marine Park (en) | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Tír na Banríona, Astráil | |||
Suíomh | Townsville | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mhuir Choiréil | |||
Tréithe | ||||
Achar | 34,893,402.883011 ha Suíomh Oidhreachta Domhanda: 34,870,000 ha | |||
Listed on the Australian National Heritage List (en) | ||||
Am | 21 Bealtaine 2007 | |||
Aitheantóir | 105709 | |||
Suíomh Oidhreachta Domhanda | ||||
Cineál | Oidhreacht nádúrtha → An Áise-An Aigéine | |||
Am | 1981 (5ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (vii), (viii), (ix) agus (x) (en) | |||
Aitheantóir | 154 | |||
Suíomh gréasáin | gbrmpa.gov.au | |||
Tá tuairim is 23,000 ciliméadar cearnach ann ar fad. I ndáiríre ní sceir amháin atá ann ach na mílte acu, ar a laghad 3,000. Ina measc tá 600 oileán. Deirtear go bhfuil chuile dhath a d'fhéadfadh a bheith ann ar an uisce ina timpeall, turcaid anseo, gormghlas ansiúd agus in áiteacha eile é chomh gorm leis an bplúirín. Tá éagsúlacht éan, éisc agus ainmhithe ann nach bhfuil le fáil ach i gcorr-áit ar domhan. Meastar go bhfuil 200 saghas éin agus 5,500 saghas éisc ann agus níl a bhformhór sin le fáil in aon áit eile.
Turasóirí agus iascairí is mó a bhaineann leas as an sceir seo agus tá faitíos ar dhaoine anois go bhfuil iascairí ag déanamh dochair don éiceachóras leochaileach. Chomh maith leo sin, tá rudaí sa nádúr a dhéanann dochar di ó am go chéile. Go dtí seo is í crosóg na corónach deilgne is mó is cúis leis sin ó na seascaidí i leith, cé gur cosúil go bhfuil sí sin faoi smacht i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá imní ar lucht taighde faoin ngealadh atá ag tarlú le tamall de bhlianta. Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda nó ag El Niño leis sin.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na hAstráile é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |