Gruffudd ap Madog
prionsa Breatnach
Prionsa Powys Fadog ab ea Gruffydd Maelor II nó Gruffydd II ap Madog (cailleadh sa bhliain 1269 é).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1236 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 7 Nollaig 1269 32/33 bliana d'aois |
Powys Fadog | |
Teaghlach | |
Céile | Emma d'Audley |
Páiste | Gruffydd Fychan I, Angharad Griffith, Madog II ap Gruffydd, Margred ferch Gruffudd ap Madog |
Athair | Madog ap Gruffydd Maelor agus Isota |
Siblín | Madog Fychan |
Sinsir
cuir in eagarAn mac is sine le Madog ap Gruffydd Maelor ab ea é, agus fuair sé le hoidhreacht cuid tailte agus téidéal a athair lena deartháireacha eile, Gruffydd Ial, Maredudd, Hywel agus Madog Fychan. Aontaíodh Ríocht Powys Fadog faoi cheannaire amháin roimh ré, ach roinneadh i measc chúigear anois, agus faoi thionchar fórsaí eile chomh maith.
Pósadh
cuir in eagarPhós sé Emma, baintreach Henry Touchet, agus iníon Henry Audley agus Bertred Mainwaring.
Bás agus Clann
cuir in eagarD’éag sé sa bhliain 1269 (nó 1270), agus bhí clan aige, mar leanas:
- Madog II, tháinig mar chomharba tar éis báis a athair i gcogadh in aghaidh na Sasanaigh sa bhliain 1277.
- Llywelyn.
- Owain.
- Gruffydd Fychan I, tháinig mar chomharba dá dheartháir sa bhliain 1277, agus cailleadh sa bhliain 1289 é.
- Angharad 1308 p. (tar éis 1261) William Le Botiler as Wem, Shropshire (b. 1283).
Roinneadh Powys Fadog de réir nósanna na Breataine Bige, i measc mhic Gruffudd:
- Scoilteadh Cynllaith idir Llywellyn agus Owain.
- Fuair Gruffudd Iâl agus Edeirnion, agus Glyn Dyfrdwy san áireamh.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ J. E. Lloyd, Owen Glendower: Owen Glyn Dŵr (Clarendon Press, Oxford, 1931), 9-10.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |