Hajj
Is oilithreacht í an Hajj,[1] sa chathair Meice san Araib Shádach. Is í Meice an chathair is naofa san Ioslam. Tá al-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa ar domhan, de réir na Moslamach.
| ||||
Cineál | Oilithreacht ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cúig cholún Ioslam ![]() | |||
Tír | An Araib Shádach ![]() | |||
Críochphointe | Meice, An Araib Shádach ![]() | |||
Ba chúis leis | Hajji (en) ![]() ![]() | |||
Meán cumarsáide | ||||
Suíomh gréasáin | hajinformation.com ![]() |
Mar sin, tá oilithreacht bhliantúil ann, an Hajj. Tá sé ar na cúig dhualgais reiligiúnacha atá ar gach Moslamach an Hajj a dhéanamh, uair amháin ar a laghad i saol an duine.
FéilireCuir in Eagar
Tarlaíonn an Hajj i mí Du al-Hijja, an mhí dheireanach i bhféilire Ioslamach na gealaí.
Glacann na milliúin Moslamach páirt sa Hajj gach bliain. Áirítear an oilithreacht ar an slógadh is mó bliantúil de dhaoine ar domhan.
TubaistíCuir in Eagar
Bíonn an Déardaoin ar an lá is contúirtí den Hajj gach bliain, mar go dtiteann sé ar Eid al-Adha, lá a maraíonn Moslamaigh caora agus de bharr go mbíonn an oiread sin oilithrigh ag marú na n-ainmhithe san aon áit amháin, ag an am céanna.
Ar an 24 Meán Fómhair 2015 maraíodh timpeall 2,500 duine[2] agus gortaíodh na céadta le teann brú nuair a thosaigh táinrith in aice Meice. Tharla an brú ar shráid "204" i gcampa sa chathair Mina, áit a bhfanann na hoilithrigh, cúpla míle soir ó Mheice.[3]
Dúirt an rialtas nach maraíodh ach 700, agus go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh.[4]
Bhí fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman, faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil. Ach dúirt Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ ““hajj” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-23.
- ↑ "2015 Mina stampede" (as en) (2023-04-21). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-25). "Bainistiú na hoilithreachta Haj cosanta" (as ga).