Meice
Is cathair mhór í Meice (Araibis: Makkah al-Mukarramah, مكة المكرمة) san Araib Shádach, príomhchathair Chúige Mhakka.
Meice | ||||
---|---|---|---|---|
مكة المكرمة (ar) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Araib Shádach | |||
Cúige de chuid na hAraibe Sádaí | Cúige Mheice | |||
Príomhchathair de | Ríocht Hejaz (1916–1925) Ríocht Nejd agus Hejaz (1925–1932) Cúige Mheice (1932–) The Holy Capital Governorate (en) (1932–) | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 2,427,924 (2022) | |||
• Dlús | 3,194.64 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 760 km² | |||
Airde | 277 m | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Eachtra thábhachtach | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | ||||
• Ceannaire an rialtais | Khalid bin Faisal Al Saud | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 1 | |||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | holymakkah.gov.sa |
De réir dhaonáireamh 2004 is é líon a lucht cónaithe 1,294,168.
Cathair naofa
cuir in eagarIs í Meice an chathair is naofa in Ioslam. Tá al-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa sa dhomhain, de réir na Moslamach.
Oilithreacht
cuir in eagarIs cathair oilithreachta í Meice. Tá oilithreacht bhliantúil ann, an hajj. Tá sé ar na cúig dhualgais reiligiúnach atá ar gach Moslamach an hajj a dhéanamh uair amháin i saol an duine, ar a laghad.
Tarlaíonn an hajj i mí Du al-Hijja, an mí deireanach san fheisire na gealaí Ioslamach. Glacann na milliúin Moslamach páirt ann gach bliain.
Tubaistí
cuir in eagarBíonn an Déardaoin ar an lá is contúirtí den hajj gach bliain, mar go dtiteann sé ar Eid al-Adha, lá a maraíonn Moslamaigh caora agus de bharr go mbíonn an oiread sin oilithrigh ag marú na n-ainmhithe san aon áit amháin, ag an t-am céanna.
Ar an 24 Meán Fómhair 2015, bhí timpeall 2,500 básaithe;[1] b'amhlaidh a brúadh i mullach a chéile iad. Dúirt an rialtas nach maraíodh ach 700, agus gur bhraith sé go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh,[2]
Bhí fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman, faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil. Ach dúirt Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ en.wikipedia.org (2024-06-23). "2015 Mina stampede" (as en). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-25). "Bainistiú na hoilithreachta Haj cosanta" (as ga-IE).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |