Hanko
Tá cathair Hanko (Sualainnis: Hangö, Rúisis: Gangut/Гангут) ar an gcathair is faide ó theas san Fhionlainn, agus thart ar dheich míle de dhaoine ina gcónaí ansin. Tá an áit timpeallaithe ag uisce Mhuir Bhailt ó thrí thaobh, agus is iad na tránna móra gainimh a thabhaigh a clú don áit, chomh maith le rásaí na mbád, nó an Regatta, i dtús Mhí Iúil. Cathair dhátheangach is ea Hanko, agus an tSualainnis ó dhúchas ag 44 % de dhaonra na háite. Bunaíodh Hanko mar chathair sa bhliain 1874. I ndiaidh do Chogadh an Gheimhridh (1939-40), b'éigean do na Fionlannaigh Hanko a thabhairt ar cíos don Aontas Sóivéadach mar bhunáit mhíleata. Thréig na saighdiúirí Sóivéadacha an áit sa chéad bhliain eile, nuair a d'éirigh ina chogadh idir an dá thír arís.
Hanko | |||||
---|---|---|---|---|---|
Hanko (fi) Hangö (sv) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) | Southern Finland Regional State Administrative Agency (en) | ||||
Réigiún de chuid na Fionlainne | An Nualainn | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 7,721 (2023) | ||||
• Dlús | 65.74 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis (majority language (en) ) an tSualainnis (teanga mhionlaigh) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Raseborg sub-region (en) | ||||
Cuid de | An Nualainn Raseborg sub-region (en) | ||||
Achar dromchla | 117.44 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Bromarv, Tenala agus Ekenäs landskommun | ||||
Cruthú | 1874 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Hanko City Council (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 10900, 10940 agus 10960 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | hanko.fi |
Tá Hanko suite faoi 127 gciliméadar de Heilsincí agus faoi 145 chiliméadar ó Thúrcú. Is é Tammisaari (Ekenäs) an chathair is cóngaraí (35 chiliméadar).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |