Rugadh Hans Henning Ørberg (21 Aibreán 1920 - 17 Feabhra 2010) sa Danmhairg agus bhain sé céim mháistreachta amach i mBéarla, i bhFraincis agus i Laidin ag Ollscoil Chóbanhávan. Bhí cuid mhór dá shaol tiomanta aige (1946-1952 agus 1961-1963) do mhúineadh na dteangacha i scoileanna sa Danmhairg.

Infotaula de personaHans Henning Ørberg

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Aibreán 1920
Store Andst, An Danmhairg Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Feabhra 2010
89 bliana d'aois
Grenå, An Danmhairg Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chóbanhávan
Kolding Gymnasium (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir teanga, Laidineoir, scríbhneoir, gramadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Danmhairgis, an Laidin, Béarla agus an Fhraincis

Gairm bheatha cuir in eagar

Ó 1953 go dtí 1961 d'oibrigh sé sa Naturmetodens Sproginstitut, institiúid ina dteagasctar na teangacha i gcomhréir leis an "modh nádúrtha" foghlamtha. Nuair a bhí sé ann, chruthaigh sé cúrsa nua i Laidin: Lingua Latina secundum explicata rationem naturae, a foilsíodh sa bhliain 1955. Sa bhliain 1990 nuachóirigh se an córas agus d'athraigh sé an teideal go dtí Lingua Latina per se illustrata, a foilsíodh le hoiriúnuithe beaga. Agus é ar scor, stiúraigh sé an teach foilsitheoireachta Domus Latina agus thug sé léachtaí san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe ar an modh nádúrtha.

Lingua Latina per se illustrata cuir in eagar

Tá an obair seo bunaithe ar an Modh Nádúrtha. Sa mhodh seo tosaíonn an mac léinn, nach n-éilíonn aon eolas roimhe ré ar an Laidin, le habairtí simplí, mar shampla "Rōma in Italiā est" ("Tá an Róimh san Iodáil"). Tugtar focail nua isteach i gcónaí i gcomhthéacs a nochtann an bhrí taobh thiar dóibh. Déantar an ghramadach níos casta de réir a chéile, go dtí go bhfuil an dalta ag léamh téacsanna Laidine neamhoiriúnaithe. Rud neamhghnách faoin chúrsa Laidine ná go gcuirtear béim ar fhoghraíocht agus thuiscint, seachas aistriúchán. Ní bhíonn foclóir riachtanach leis an gcóras seo. Mar gheall ar na téacsleabhair a bheith comhdhéanta go hiomlán i Laidin, is féidir le chainteoirí teanga ar bith iad a úsáid. Tá an cúrsa ina dhá chuid: Família Romana agus Roma Aeterna chomh maith le sraith de théacsanna clasaiceacha mar Commentarii de Bello Gallico de chuid Iúil Caesar. Trí léiriúcháin agus mionathruithe, is féidir na téacsanna a thuiscint trí chomhthéacs agus trí thagairt a dhéanamh d'fhoghlaim focail cheana féin.