Hans Kelsen

dlíodóir Ostarach

Dlí-eolaí agus fealsamh dlí agus polaitíochta ab ea Hans Kelsen (11 Deireadh Fómhair 188119 Aibeán 1973).

Infotaula de personaHans Kelsen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Deireadh Fómhair 1881
Prág Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Aibreán 1973
91 bliana d'aois
Berkeley, California Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Chúirt Bhunreachtúil na hOstaire
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas, Caitliceachas agus Protestant Church of the Augsburg Confession in Austria (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Vín
Ollscoil Heidelberg
Ollscoil Harvard
Akademisches Gymnasium Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDlí, legal theory (en) Aistrigh, dlí bunreachtúil agus dlí idirnáisiúnta
Suíomh oibre Köln Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmdlíodóir, múinteoir ollscoile, fealsamh, breitheamh, saineolaí dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama20th-century philosophy (en) Aistrigh
FostóirOllscoil Vín
Ollscoil Shéarlais i bPrág
Naval War College (en) Aistrigh
Ollscoil na Ginéive
Ollscoil California, Berkeley
Ollscoil Köln
Monterrey Institute of Technology and Higher Education (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnHelen Silving-Ryu
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis agus Béarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaAlfred Schütz
Teaghlach
CéileMargarete Kelsen Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHanna Renate Kelsen, Maria Beate Feder Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAdolf Kelsen
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

Céimí de chuid ár gcomhpháirtí Ollscoil Vín ab ea Kelsen. Rinne sé a thráchtas dochtúireachta ar an teoiric a bhí ag Dante maidir leis an stát. Ba luath a d'fhorbair sé an coinceap gurb ionann an dlí agus an stát, a bhí ag croílár a chuid fealsúnachta polaitíochta i gcónaí. Sa bhliain 1911 a fuair sé a shlánú agus sa bhliain 1919 rinneadh lán-ollamh de chuid Ollscoile Vín de.[1]

Dlí bunreachtúil cuir in eagar

 

Bhí páirt mhór aige agus Bunreacht na hOstaire, 1920 á dhréachtú agus thar aon rud eile chuir sé an coincheap chun cinn gur cheart bunreachtúlacht na ndlíthe a bheith athbhreithnithe ag cúirt bhunreachtúil ar leith, an tsamhail athbhreithnithe bunreachtúla atá i dtreis i mór-roinn na hEorpa faoi láthair. Bhí sé ina bhall de Chúirt Bhunreachtúil na hOstaire ó 1920 go 1930.

 

Ó ba rud é go raibh an timpeallacht polaitíochta ag éirí ní b'achrannaí agus gur measadh go raibh sé ar thaobh na Daonlathaithe Sóisialta, a bhí ag cur i gcoinne an rialtas fhorlámhaigh, d'aistrigh Kelsen chuig ollúnacht in Ollscoil Köln sa bhliain 1930.[1]

An cogadh agus imirce cuir in eagar

Sa bhliain 1934 a dhíbir na Naitsithe as an bpost sin é agus d'aistrigh sé go dtí an Ghinéiv, áit a raibh sé ag teagasc an dlí idirnáisiúnta san Institiúid Iarchéime, An Ghinéiv ó 1934 go 1940 (seachas tréimhse ó 1936 go 1938 nuair a bhí sé ag an Ollscoil Gearmánach i bPrág.)

Sa bhliain 1940 a chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe, áit a raibh sé ina ollamh leis an eolaíocht polaitíochta in Ollscoil California, Berkeley ó 1945 go 1952. Cé gur éirigh sé as go hoifigiúil sa bhliain 1952, lean sé ar aghaidh ag déanamh taighde agus ag foilsiú go dtí go raibh sé beagán os cionn ochtó bliain d'aois.

Fealsúnacht cuir in eagar

Leag Kelsen a chuid smaointeoireachta maidir le fealsúnacht an dlí amach ina foirm thipiciúil i Reine Rechtslehren (Glanteoiric Dlí) sa bhliain 1934; foilsíodh an dara heagrán den leabhar, le hathruithe suntasacha, sa bhliain 1960.

 
Arkadenhof, Ollscoil Vín

I measc an méid a chuir sé le teoiric an dlí atá coinceap an Grundnorm (a léiríonn an coincheap a bhí aige de chineál ordlathach an dlí) chomh maith lena leagan féin den deighilt idir an dlí agus an mhoráltacht agus d'eolaíocht maidir leis an dlí atá saor ó luachanna polaitiúla nó morálta. I ndiaidh 1934 bhí ní ba mhó spéise aige sa dlí idirnáisiúnta agus san eolaíocht polaitíochta, go mór mór tar éis dó dul ar imirce go SAM.[1]

Tionchar cuir in eagar

Taobh istigh den phosaitíbheachas dlíthiúil is é obair Kelsen an príomh-rogha eile fós in ionad an chuntais a thugann HLA Hart ar neamhspleáchas an dlí ó chúrsaí morálta nó polaitiúla.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Hans Kelsen". Dáta rochtana: 2021.