Hazel Lavery

ealaíontóir Meiriceánach

Ealaíontóir, mainicín, aisteoir, agus péiceallán ab ea Hazel Lavery. Rugadh ar an 14ú lá de Mhárta 1880 in Chicago, Illinois í.[1]

Infotaula de personaHazel Lavery

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Márta 1880
Chicago, Illinois Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Eanáir 1935
54 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Putney Vale Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, mainicín Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileEdward Trudeau
John Lavery (1909–1935) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlice Trudeau
 ( Edward Trudeau) Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 6532987 Cuir in eagar ar Wikidata

Teaghlach cuir in eagar

B'é Edward Martyn (1846–1897) a hathair. Bhí sé ina leasuachtarán ar an gcomhlacht ‘Armour & Co’. Ba í Alice Martyn a máthair. Ní raibh ach siblín amháin aici, Dorothea Hope Martyn an t-ainm a bhí uirthi. Fuair Dorothea bás nuair a bhí sí fiche is a trí bliana d’aois.  

Saol Pearsanta cuir in eagar

Phós Hazel an Dr. Edward Livingston Trudeau ach fuair sé bás cúig mhí ina dhiaidh sin. Bhí iníon amháin acu darbh ainm Alice Trudeau. In 1909 phós Hazel John Lavery, ealaíontóir agus portráidí as Béal Feirste. Chas siad lena chéile in 1903 sa Bhriotáin nuair a bhí sí fós geallta le Trudeau.[1]     

Na Nótaí Bainc cuir in eagar

I ndiaidh Chogadh na Saoirse, cheap rialtas an tSaorstáit go raibh airgeadra nua de dhíth. Choimisiúnaigh an rialtas John Lavery chun an nóta bainc a dhearadh in 1928. D'athshaothraigh sé pictiúr de Hazel i riocht Caitlín Ní Uallacháin, pearsantú baineann ar Éirinn. Bhí an pictiúr críochnaithe i gceann coicíse, agus baineadh úsáid as ar nótaí bainc in Éirinn ó 1928 go dtí na 1970idí.

Bás cuir in eagar

Fuair Hazel bás ar an 3ú lá de mhí Eanáir 1935.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Sinéad McCoole (2009-10). "Lavery, Lady Hazel". Dáta rochtana: 2024-02-06.
  2. "Lady Hazel Lavery, wife and muse of artist Sir John Lavery." (Deireadh Fómhair 1996).