Heinrich Wagner

ollamh Eilvéiseach

Teangeolaí agus ollamh as an Eilvéis ba ea Heinrich Wagner (a rugadh a 16 Eanáir 1923 in Zürich agus a d'éag 11 Meán Fómhair1988 i mBaile Átha Cliath).[1][2] D’fhoilsigh Wagner an Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects ina cheithre imleabhar, idir na blianta 1958 agus 1969.[3] Bhí Wagner ina ollamh le Ceiltis in Ollscoil na Ríona i lár na 20ú haoise.

Infotaula de personaHeinrich Wagner
Beathaisnéis
Breith16 Eanáir 1923
Zürich, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Meán Fómhair 1988
65 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Utrecht. Dámh na nEalaíon agus na Fealsúnachta, Ollscoil Utreacht (1951–) Cuir in eagar ar Wikidata
Tá níos mó ná duine amháin darb ainm Heinrich Wagner; féach Heinrich Wagner (idirdhealú).

Sa bhliain 1979, ghlac Wagner le cuireadh Scoil an Léinn Cheiltigh, BÁC, chun a bheith mar ollamh acu.

In Zürich a rugadh Wagnerar 16 Eanáir 1923. Chuaigh sé isteach in Ollscoil Zürich in 1941. Rinne sé staidéar ar an bhfocleolaíocht Ghearmánach agus san fhocleolaíocht Ind-Eorpach. Bhí mioneolas aige ar tuairim is trí scór teanga. Thabhaigh sé cáil i measc mhic léinn a aimsire féin lena thapúlacht a chuireadh sé eolas ar theangacha Ind-Eorpacha; deirtí gurbh in imeacht deireadh seachtaine a d’fhoghlaim sé canúint den tSlavais.[1]

I samhradh 1943 chuir sé a ainm síos do chúrsa tosaigh sa tSean-Ghaeilge. ‘Ar an bhomaite agus a chuaigh mé isteach i dteangaidh agus i litríocht na Sean-Ghaeilge, thug mé fá dear gur rud iontach agus rud ar leith an seanchultúr Gaelach . . .. Tchítear domsa gur ag an tseanbhunadh Ghaelach atá spiorad agus cultúr ard na Meán-Aoise beo go fóill, rud atá imithe as an Eoraip uilig’.[4]

Chaith Wagner cúig mhí i nDún Chaoin sa bhliain 1945 ag foghlaim Gaeilge agus bhailigh ábhar ann ó dhaoine, Peig Sayers ina measc. In 1949-51 bhí Wagner ag obair mar scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Cinneadh ag cruinniú in Institiúid Ardléinn i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1949 go bhfágfaí cúram an atlais nua faoi lámha Wagner.

Ó 1958 go ceann 21 bliain bhí sé ina ollamh le Ceiltis agus leis an bhFocleolaíocht Chomparáideach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Rinne sé an chéad iarracht le taifeadadh eolaíochtúil a dhéanamh ar theanga bheo na Gaeilge ar fud réigiúin na Gaeltachta, agus gan dearmad á dhéanamh aige de na ceantair bheaga thréigthe taobh amuigh de na mórlimistéir Ghaeilge san iarthar, san iarthuaisceart agus san iardheisceart.[5]

'Rescue dialectology' a thugadh Wagner féin ar a raibh ar siúl aige. Bhí a dhearcadh agus an cur chuige a bhí aige ina ábhar inspioráide ag na scoláirí óga a lean é. Ina measc siúd bhí an tOllamh Gearóid Stockman agus Colm Ó Baoill, ollamh emeritus de chuid Ollscoil Obar Dheathan , a rinne sáriarracht cuid d’ábhar Doegen ó oirthear Uladh a shoiléiriú i 1967.

  • Wagner, Heinrich, Irish Dialects Past and Present, Thomas F. O’Rahilly, IALBÁC, BÁC, 1972.
  • Wagner, Heinrich, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Iml I - IV [6]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “WAGNER, Heinrich (1923–1988) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Mairéad Ní Nuadháin (3 Feabhra 2023). "Ag triall ar scoil Merriman, strainséirí ag caint liom, an saol ina cheart arís…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-03.
  3. Maitiú Ó Coimín (20 Nollaig 2014). "Atlas Teangeolaíochta don Ghaeilge á chur le chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-03.
  4. athchló in An tUltach, Aibreán 2002 ar shliocht as alt a bhí aige san iris sin in Aibreán 1947.
  5. Seosamh Watson (2010). "Éistear Lena nGlór" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-07-03.
  6. "Linguistic atlas and survey of Irish dialects – DIAS Shop" (en-GB). Dáta rochtana: 2023-07-03.