Helmut Kohl
Bhí an Dr. Helmut Josef Michael Kohl ina Sheansailéir ar an nGearmáin ó 1982 go dtí 1998. I ndiaidh an bháis, dúirt Jean-Claude Juncker an méid seo: “Ní hé amháin gur cheann urra aontacht na Gearmáine a bhí in Helmut Kohl. Rinne sé a chion – cion níos mó ná a rinne daoine eile – chun stair na hEorpa agus geografaíocht na hEorpa a thabhairt chun réitigh le chéile"[1].
Helmut Kohl | |
![]() | |
6ú Seansailéar na Géarmáine
| |
In oifig 1 D.Fómhair 1982 – 27 D.Fómhair 1998 | |
Réamhtheachtaí: | Helmut Schmidt |
Comharba: | Gerhard Schröder |
Dáta breithe | 3 Aibreán 1930 |
Áit bhreithe | Ludwigshafen, An Ghearmáin |
Dáta báis | 16 Meitheamh 2017 (87 bliana d'aois) |
Oggersheim, an Ghearmáin | |
Páirtí | CDU |
Síniú![]() |
LuathsaolCuir in Eagar
Rugadh Kohl i Ludwigshafen na Gearmáine ar an 3 Aibreán 1930 agus shíothlaigh sé ar 16 Meitheamh 2017 in Oggersheim, sa Ghearmáin.
Bhí Kohl páirteach sa Dara Cogadh Domhanda agus é fós ina dhéagóir.
Chuaigh Kohl le polaitíocht go luath ina shaol, agus bhí ina bhall den Pháirtí Críostaí Daonlathach ó 1947. Ghnóthaigh sé céim dochtúra sa stair.
Tar éis tamall a chaitheamh i bpolaitíocht stáit, toghadh é chuig an Pharlaimint Fheidearálach. Bhí sé ina cheannaire ar an bhfreasúra ó 1973 ar aghaidh.
SeansailéirCuir in Eagar
Tar éis vóta mímhuiníne sa Seansailéir Helmut Schmidt rinneadh Seansailéir de Kohl. Cé go raibh na meáin chumarsáide ag magadh faoi agus go raibh freasúra láidir ina choinne, bhí tréimhse cumhachta níos faide ag Kohl mar Sheansailéir ná mar a bhí ag duine ar bith sa Ghearmáin ó aimsir Otto von Bismarck. D'fhan sé i gcumhacht go dtí gur bhuaigh an Páirtí Daonlathach Sóisialta toghchán na bliana 1998.
Cuimhneofar ar Helmut Kohl mar gheall ar athaontú na Gearmáine a tharla le linn a thréimhse in oifig, nuair a theip ar an gCumannachas in oirthear na hEorpa.
Bhí scannal mór airgeadais ann áfach tar éis dó éirí as oifig, rud a fhágann smál ar a cháil mar pholaiteoir.
TagairtíCuir in Eagar
Seansailéirí na Gearmáine |
---|
Konrad Adenauer | Ludwig Erhard | Kurt Georg Kiesinger | Willy Brandt | Helmut Schmidt | Helmut Kohl | Gerhard Schröder | Angela Merkel |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |