Helmut Schmidt
Polaiteoir de chuid an SPD agus iar-Sheansailéir na Gearmáine ab ea Helmut Heinrich Waldemar Schmidt. Rugadh é ar an 23 Nollaig 1918 i gcathair Hamburg na Gearmáine agus bhásaigh sé san áit chéanna ar an 10 Samhain 2015.
Bhí Schmidt ina Sheansailéir ar an mBundesrepublik Deutschland (Gaeilge: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) ón mbliain 1974 go dtí 1982.
Tar éis dó éirí as an bpolaitíocht, thug sé aghaidh ar an iriseoireacht. D'éirigh sé ina chomh-eagarthóir ar Die Zeit (Gaeilge: 'An tAm'), nuachtán seachtainiúil a fhoilsítear in Hamburg, sa mbliain 1983 agus chaith sé an chuid eile dá shaol sa phost sin.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |