Henri Giffard

innealtóir Francach

Innealtóir Francach ba ea Henri Giffard (1825-1882). Ceannródaí eitlíochta ab ea é a cheap an t-insteallaire agus an aerlong dá ngairtear 'Le dirigeable'. Bhí an aerlong á thiomáint ag galinneall, le mheáchan níos mó ná 180 kg. agus b'é seo an chéad aerlong lastais agus paisinéirí.

Henri Giffard
Giffard portrait 1 200.jpg
Saol
Eolas breithePáras, 8 Feabhra 1825
NáisiúntachtFrainc
BásPáras, 14 Aibreán 1882
Áit adhlacthaReilig Père-Lachaise
Cúis bháisféinmharú (aisfisce)
Oideachas
Teangachaan Fhraincis
Gairm
Gairminnealtóir, cumadóir agus balloonist (en) Aistrigh
Duaiseanna

Bhí an t-aerlong feistithe le hinneall gaile, le 3 each-chumhacht(ec), a thiomáin lián agus bhí an leagan amach seo ní amháin praiticiúil ach fós instiúrtha.

Bhí tonnadóir, a bhí ag pointeáil síos, feistithe chuig an innill. Bhí an t-astú sceite meascaithe leis an ghás dó agus bhí súil ag Giffard go gcuireadh seo stop ar spréacha iontráil isteach sa mhála gáis; d'fheistigh sé stiúir ingearach ar freisin.

Ar an 24 Meán Fómhair 1852 rinne Gifford an chéad eitilt inneall-thiomáinte agus faoi faoi rialú. ag taisteal 27 km ó Páras go Trappes. Bhí an ghaoth róláidir dó chun dul ina aghaidh agus theip air filleadh ar ais go dtí an tús i bPáras. Bhí sé in ann áfach tiontú agus dul i gciorcail, agus dá bhrí sin chruthaigh sé go raibh aerlong faoi thiomáint innill a bheith stiúrtha agus rialaithe. De dheasca meath a theacht ar a shainradharc, chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1882, agus do bhronn sé a eastát ar an náisiún i gcomhair cuspóirí daonnúla agus eolaíochta. Tá a ainm i measc na n-ainmneacha, 72 díobh go léir, ar an Túr Eiffel.

TagairtíCuir in Eagar