Is feithid í Hermetia illucens (Linnaeus, 1758), ar a dtugtar an saighdiúir cuile dubh[1], a bhaineann le hord Diptera, na fine Stratiomydae, agus fo-fhine Hermetiinae.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoHermetia illucens Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdDiptera
FineStratiomyidae
GéineasHermetia
SpeiceasHermetia illucens Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Hermetia geniculata Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
Hermetia illucens

Le blianta beaga anuas, tá an-tóir ar an chuil seo ar fud an domhain, mar go bhfuil a larbhaí in ann foshraitheanna orgánacha éagsúla a athchúrsáil, amhail aoileach, dramhaíl bhia agus bhairr. Is féidir an bhithmhais a tháirgeann gníomhaíocht na larbhaí a úsáid i mbeathú ainmhithe talmhaíochta mar mhuca, sicíní agus iasc.[3]

Dúchasach do na réigiúin trópaiceacha, fo-thrópaiceacha agus mheasartha i Meiriceá, tá an chuil forleathan anois ar fud an domhain, idir domhanleithead 40 ° ó dheas agus domhanleithead 45 ° ó thuaidh, le fáil i go leor tíortha san Eoraip, san Afraic, san Aigéine (An Astráil agus an Nua-Shéalainn) agus an Áise (an Indinéis, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeapáin agus Srí Lanca).[2]

Timthriall saoil agus tuairisc

cuir in eagar

Cuireann an saighdiúra cuile dubh thart ar 500 ubh síos i scoilteanna in aice le hábhar orgánach atá ag dianscaoileadh, amhail aoileach, cairéad, truflais agus dramhaíl orgánach. Tagann larbhaí as na huibheacha i gceann ceithre lá. Bíonn cruth ubhchruthach ag gach ubh le fad thart ar 1 mm agus dath bán buí nó gealbhán.[4]

Is féidir leis na larbhaí a bheith 27 mm ar fhad agus 6 mm ar leithead. Tá dath teimhneach geal orthu le ceann beag a ghobann amach, ina mbíonn baill an bhéil inchoganta. Téann na larbhaí trí sé chéim larbhacha agus teastaíonn 14 lá uathu chun an fhorbairt a chríochnú. Le linn forbartha na larbhaí, ní stopann siad ag ithe na n-ábhar orgánach, bíonn goile doshásaithe acu! [4]

Sula mbaintear amach chéim an phupa, bíonn larbhaí an séú céim scaipthe ón suíomh beathaithe go limistéir thirim agus fhoscúla, a leithéid agus fásra ithreach, chun tús a chur leis an bpórú. Dorchaíonn an eisichreatlach (craiceann) agus forbraíonn pupa sa taobh istigh. Éilíonn an chéim seo thart ar dhá sheachtain. Éilíonn an chéim seo thart ar dhá sheachtain.[4]

Aosaigh (Cuileoga)

cuir in eagar

Tá dhá "sciathán" tréshoilseach ag na cuileoga seo sa chéad deighleog bhoilg. Fásann siad go dtí idir 15 agus 20 mm ar fhad. Bíonn aintéiní na n-aosach fadaithe le trí dheighleog, agus bíonn dathú bán ar na cosa in aice le deireadh na gcos.

Dhá lá tar éis don phupa fásta teacht amach, d'fhéadfadh cúpláil tarlú. Tagann cuil fhireann roimh cuil bhaineann san aer agus agus snaidhm siad ina chéile roimh a thiteann an cuil fhireann síos go talamh. Baineann cuileoga fireanna úsáid as suíomhanna chun cóipeáil a dhéanamh orthu, áit a mbíonn siad ag fanacht le cuileoga baineannaigh. Déantar na suíomhanna seo a chosaint ar shaighdiúirí chuile fhireanna eile, le neart mór colainne.[4]

  • Is féidir pupaí a phróiseáil agus a bhrú chun a gcuid saille a bhaint, is féidir iad a úsáid mar bhithdhíosal.
  • Is féidir leis na hiarsmaí atá fágtha a úsáid mar bhia ar bheagán saille d'ainmhithe.
  • Baintear chitin as i gcomhair úsáide éagsúla.Baintear citin as úsáidí éagsúla.
  • Is féidir larbhaí a úsáid mar bhia beo. Ar an úsáid seo de ghnáth tugtar péisteanna an fhéinics orthu.

Féach freisin

cuir in eagar
* Pórú agus úsáid inveirteabracha
* Peisteoireacht
* Múiríniú 
  • Miasis
  1. “Hermetia illucens” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. 2.0 2.1 Teimpléad:Cita libro
  3. Teimpléad:Cita libro
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Diclaro II and Kaufman (2008). "[http://edis.ifas.ufl.edu/pdffiles/in/in83000.pdf Black soldier fly Hermetia illucens Linnaeus (Insecta: Diptera: Stratiomyidae)]". Department of Entomology and Nematology, UF/IFAS Extension, University of Florida.. Dáta rochtana: 30 de abril de 2019. 

Naisc sheachtracha

cuir in eagar