Athchúrsáil

Scagadh is athúsáid ábhar agus rudaí inúsáidte i mbruscar is ea athchúrsáil. Mar shampla, bíonn buidéil gloine, cannaí stáin is alúmanaim, páipéar, boscaí cairtchláir, éadaí, troscáin is a lán eile le hathúsáid.

Bíonn fuílleach eile is féidir a dhó i stáisiún ginte leictreachais. Agus líon is fadhb an bhruscair ag dul i méid ar fud an domhain, níl sé inghlactha a thuilleadh dumpáil díreach sa bhfarraige amach ón gcósta, i bpoll ollmhór faoin talamh, nó i gcarn ollmhór ar an talamh.

TianYu XiangYang, athchúrsáil Glory

Cuireann iompar an bhruscair is an láithreán dumpála féin isteach go mór ar an gcomhshaol sa chomharsanacht. Go minic truaillíonn ceimiceáin a laisteann amach ón mbruscar an t-uisce faoin talamh a sholáthraíonn uisce inólta do na daoine.

Cuireann an iomarca dumpála san fharraige isteach ar na héisc, á nimhiú nó á ndéanamh do-ite. Tá athchúrsáil ag teacht chun tosaigh mar chuid den réiteach ar na fadhbanna seo.

TagairtíCuir in Eagar