An Mhotúis Hírí

(Athsheolta ó Hiri Motu)

Teanga is ea an Mhotúis Hírí[1] nó an Hírí-Mótúis a labhraítear i Nua-Ghuine Phapua. Leagan simplithe, nasctheangaithe den teanga Motu, ceann de na teangacha bundúchasacha, atá ann. Teanga oifigiúil i Nua-Ghuine Phapua í, in éineacht leis an mBéarla agus leis an teanga Tok Pisin.

Infotaula de llenguaAn Mhotúis Hírí
Hiri Motu
Cineálteanga, francbhéarla agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais180,000 (2000)
Dúchasach doCentral Province (en) Aistrigh, Gulf Province (en) Aistrigh, Milne Bay Province (en) Aistrigh, Oro Province (en) Aistrigh agus Western Province (en) Aistrigh
StáitNua-Ghuine Phapua
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Astrál-Téacha
teangacha Astrainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha núicléacha
Central-Eastern Malayo-Polynesian (en) Aistrigh
Eastern Malayo-Polynesian (en) Aistrigh
teangacha Aigéanacha
Western Oceanic (en) Aistrigh
Motu (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-1ho
ISO 639-2hmo
ISO 639-3hmo
Glottologhiri1237
Linguasphere34-GBC-b
Ethnologuehmo
Linguist Listhmo
IETFho

Forbairt na teanga Hiri Motu cuir in eagar

Tá an teanga Motu á labhairt ag cúig mhíle fichead de dhaoine timpeall Port Moresby inniu. B'as measc lucht a labhartha a d'earcaítí na póilíní nuair a bhí Nua-Ghuine Phapua ina coilíneacht go fóill. Mar sin, d'fhoghlaim cainteoirí na dteangacha eile faoin tuath go gcaithfidís Motu a labhairt leis na húdaráis, agus, de réir an riachtanais, tharraing siad orthu féin cibé blúirín den teanga sin a bhí acu. Sin mar a d'fhorbair an teanga Hiri Motu - nó Police Motu, is é sin, "Motu na bpóilíní", mar a thugtaí uirthi freisin.

Siúd is gur léir do chách an chosúlacht atá idir an teanga Hiri Motu agus an teanga bhundúchasach as ar eascair sí, is léir inniu gur dhá theanga éagsúla iad, agus níl sé furasta mórán adhmaid a bhaint as teanga amháin acu mura bhfuil agat ach an ceann eile. Rinneadh an-simpliú ar ghramadach na teanga Motu, nuair a múnlaíodh an teanga Hiri Motu, agus dáiríre, sin é an rud is dual do na nasctheangacha ar fad. Thairis sin, tá stór focal na teanga Hiri Motu difriúil leis an teanga Motu, ós rud é gur fháiltigh an teanga Hiri Motu isteach gach cineál iasachtaí ón mBéarla agus ó na teangacha áitiúla. Mar sin féin, is focail de bhunadh Motu iad nócha faoin gcéad de stór focal na teanga Hiri Motu.

Inniu, tá an teanga Hiri Motu ag 120,000-200,000 duine i Nua-Ghuine Phapua. Tá 6 % de dhaonra na tíre in ann í a léamh is a scríobh. Níl sí ó dhúchas ach ag fíorbheagán, agus dealraíonn sé go bhfuil sí ag géilleadh don teanga Tok Pisin agus don Bhéarla mar fhrancbhéarla. Mar sin féin, is teanga oifigiúil í i gcónaí, agus úsáid á baint aisti i bparlaimint Nua-Ghuine Phapua, ar an teilifís agus ar an raidió.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Hiri Motu” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-19.