Ar 22 Feabhra 2024, thuirling IM-1, spásárthach ó na Stáit Aontaithe (ach spásárthach príobháideach de chuid Intuitive Machines), gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí, limistéar ar an ngealach gur beag taighde a bhí déanta ann.[1] Tá suim ar leith ag eolaithe san oighear uisce, toisc go bhféadfaí é a úsáid fá choinne breosla, ocsaigine agus uisce óil.[2]

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisIM-1

Cineál miseanNova-C (en) Aistrigh
Oibritheoir   Intuitive Machines
   NASA Cuir in eagar ar Wikidata
NSSDCA IDIM-1-NOVA
Uimh. SATCAT58963
Airíonna árthaigh
Mais
1,908 kg

675 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
Dáta15 Feabhra 2024
ÁitKennedy Space Center Launch Complex 39A (en) Aistrigh, Kennedy Space Center Launch Complex 39 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feithicil lainseáilFalcon 9 Block 5 Cuir in eagar ar Wikidata
Spriocanna

Tuirlingthe gealach
Dáta22 Feabhra 2024 Cuir in eagar ar Wikidata

"páirc" thuirlingthe
IM-1

Cúlra cuir in eagar

Is suíomh straitéiseach é mol theas na gealaí. Measann eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil uisce reoite sna cráitéir ar thaobh dorcha na gealaí, cráitéir a bhíonn faoi scáth i gcónaí.[3] Creidtear go mb'fhéidir go bhféadfaí an-leas a bhaint san am atá le teacht as an leac oighir ag an mol theas. Cuir i gcás, d'fhéadfaí uisce óil nó ocsaigin le haghaidh spásairí idirnáisiúnta a dhéanamh as an leac oighir, é sin nó breosla a dhéanamh as.

Tá dromchla mhol theas na gealaí fíorgharbh agus aimhréidh, agus theip ar iarrachtaí spáseolaithe ó thíortha eile roimhe seo árthach a chur ann. Go deimhin, theip ar spásárthach ón Rúis tuirlingt ann cúpla lá roimh Chandrayaan-3, ar 19 Lúnasa 1923.[1] Sheol an Rúis Luna-25 chun na gealaí ach d’imigh an spásárthach sin ó smacht agus bhuail sí in éadan na gealaí.[3]

Misean cuir in eagar

Spásárthach príobháideach ar an ngealach atá in IM-1. D’éirigh le comhlacht príobháideach (Intuitive Machines) spásárthach a sheoladh chuig an ngealach don chéad uair riamh. Ba é seo an chéad uair le 50 bliain gur leaindeáil spásárthach ó Mheiriceá ar an ngealach.

Tá cuma ar an scéal gur leaindeáil an spásárthach go míchothrom, ach bhí teachtaireachtaí ag teacht ón spásárthach chuig an gcomhlacht. Ní raibh aon duine ar an spásárthach, ach thug an turas seo eolas dúinn faoin tslí le spásairí a chur chuig an ngealach amach anseo.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Jackie Wattles (2023-08-22). "Russia’s lander crashing into the moon may signal another shift in the space race, experts say" (en). CNN. Dáta rochtana: 2023-08-23.
  2. Conradh na Gaeilge, Londain (26 Lúnasa 2023). "‎Nuacht Mhall: (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-28.
  3. 3.0 3.1 "An India an chéad tír le spásárthach a thuirlingt le hais mhol theas na gealaí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-23). Dáta rochtana: 2023-08-28.
  4. ELeathanach 459, Má Nuad, 26 Feabhra 2024