IPOPI
Eagraíocht idirnáisiúnta na n-othar le haghaidh easpaí imdhíonachta príomha é IPOPI (International Patient Organisation for Primary Immunodeficiencies). Bunaíodh an eagraíocht i Lugano na hEilvéise sa bhliain 1992.
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | IPOPI |
Cineál | eagraíocht neamhbhrabúis |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1992 |
Rialachas corparáideach | |
Líon fostaithe | 6 (2017) |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 1,480,954 € (2020) |
Suíomh gréasáin | ipopi.org |
An misean
cuir in eagarIs é misean na heagraíochta daoine a chur ar an eolas faoi easpaí imdhíonachta príomha (PID), teacht ar fháthmheas luath, agus cóir leighis optamach d'othair a fhulaingíonn le heaspaí imdhíonacha príomha ar fud an domhain a fheabhsú.
Bíonn an eagraíocht neamhbhrabúis seo ag comhoibriú le hothair, le dochtúirí, le polaiteoirí, le rialtóirí, le tionscal na cógaisíochta, agus le páirtithe leasmhara eile.
Samplaí de ghníomhaíochtaí
cuir in eagar- Cruinnithe débhliantúla do na heagraíochtaí náisiúnta (ó 1992)
- IPIC, International Primary Immunodeficiencies Congress, comhdháil leighis débhliantúla le béim ar an gcúram cliniciúil (ó 2013)
- PID fóraim i bParlaimint na hEorpa (ó 2011)
World Primary Immunodeficiencies Week
cuir in eagarEagraítear an feachtas domhanda WPIW, World Primary Immunodeficiencies Week ar bhonn bliantúil, ón 22 go dtí an 29 Aibreán. Deis atá sa bhfeachtas lena rá leis na rialtóirí, le scoileanna, le teaghlaigh, agus leis an bpobal i gcoitinne faoi easpaí imdhíonachta príomha.