Ilias Iliou
Dlíodóir agus polaiteoir Gréagach ab ea Ilias Iliou (Gréigis: Ηλίας Ηλιού, nó Ēlías Ēlioú; Bealtaine 1904 – 25 Eanáir 1985).[1] Bhí iomrá air mar ghníomhaí ar son chearta an duine sa 20ú haois. Thug an Dara Cogadh Domhanda, an cogadh cathartha agus an deachtóireacht a dhóthain le déanamh dó.
Ainm sa teanga dhúchais | (el) Ηλίας Ηλιού |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | Bealtaine 1904 Myrina, An Ghréig |
Bás | 25 Eanáir 1985 80 bliana d'aois an Aithin, An Ghréig |
Ball den Pharlaimint Heilléanach United Left (en) , Progress and Left Forces Alliance (en) | |
1974 – 1981 Toghcheantar: Athens A (en) | |
Ball den Pharlaimint Heilléanach United Democratic Left (en) | |
1956 – 1967 Toghcheantar: Circonscription de Lesbos (fr) | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hAithne - dlí-eolaíocht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, dlíodóir, polaiteoir, breitheamh |
Ball de pháirtí polaitíochta | United Democratic Left (en) Páirtí Cumannach na Gréige United Left (en) Progress and Left Forces Alliance (en) |
Ball de | |
Teangacha | An Ghréigis agus an Nua-Ghréigis |
Teaghlach | |
Páiste | Philippos Ēliou |
Saol
cuir in eagarFuair sé céim sa dlí a fháil ó Ollscoil na hAithne sa bhliain 1924.[4] Thosaigh sé ag dlíodóireacht i Mitiléine go dtí 1935 agus san Aithin ina dhiaidh sin, áit ar glacadh isteach leis i mBarra an Areios Pagos (an chúirt shibhialta agus choiriúil uachtarach) sa bhliain 1942.
Ós rud é go raibh sé ar an eite chlé sa pholaitíocht (ar dtús mar liobrálach poblachtánach) chuaigh sé isteach san Fhronta um Shaoradh Náisiúnta (EAM) ina raibh na Cumannaithe i gceannas. sa bhliain 1942.
I ndiaidh an tSaortha rinne sé cosaint sna cúirteanna in aghaidh na gcúiseamh a chuir rialtas de chuid na heite deise i leith duine den eite chlé, rud a spreag é dul isteach sa Pháirtí Cumannach sa bhliain 1945.
Coinníodh Iliou nuair a bhí Arm na Breataine tar éis imlonnú mar chúltaca do na Ríogaithe. Díbríodh laistigh den tír é ar feadh níos mó ná ceithre bliana (1947-51) le linn Chogadh Cathartha na Gréige.
Bhí Iliou i measc bhunaitheoirí na hEite Clé Daonlathaí Aontaithe sa bhliain 1951 (ó tharla go raibh cosc ar an bPáirtí Cumannach ag an am sin). Toghadh chun na Parlaiminte an bhliain dár gcionn, cé nár ligeadh dó a shuíochán a thógáil.
Ina dhiaidh sin, bhí sé ina fheisire ó 1956 go 1967 agus ó 1974 go 1981, le tréimhsí mar cheannaire parlaiminte agus uachtarán ar EDA. Bhí sé ina phríosúnach polaitíochta arís ó 1967 go 1971, faoi riail junta míleata na Gréige, a mhair go dtí 1974.
Tionchar
cuir in eagarD'ainneoin na scoilte doimhne i sochaí na Gréige a tharla mar gheall ar fhorghabháil na tíre, ar an gcogadh cathartha agus ar an deachtóireacht mhíleata, bhí meas ar Iliou as gach taobh sa pholaitíocht agus tugadh urraim dó nuair a d'éag sé sa bhliain 1985 agus ó shin i leith. Go pointe áirithe, tharla sé sin toisc go raibh clú agus cáil ar Iliou mar scoláire clasaiceach, file agus aistritheoir, chomh maith le bheith ina dhlíodóir agus ina pholaiteoir.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Alchetron, The Free Social Encyclopedia (25 Eanáir 1985). "Ilias Iliou" (en-US). Alchetron.com. Dáta rochtana: 2023-01-25.
- ↑ "National Liberation Front (Greece)" (as en) (2020-12-22). Wikipedia.
- ↑ "United Democratic Left" (as en) (2019-11-02). Wikipedia.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Ilias Iliou" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-25.
- ↑ "Greek People's Liberation Army" (as en) (2020-12-30). Wikipedia.