Úrscéal le Günter Grass is ea Im Krebsgang (Siúl an PhortáinCrabwalk) a foilsíodh sa bhliain 2002. Is é an rud atá ann ná súil leathfhicseanúil, leathfhírinneach ar eachtra stairiúil agus an dóigh a bhfuil sí ag imirt a tionchair ar an saol comhaimseartha.[1][2]

WD Bosca Sonraí LeabharIm Krebsgang
(de) Im Krebsgang
(en) Crabwalk
(fr) En crabe
(es) A paso de cangrejo
(it) Il passo del gambero
(nb) I krabbegang
(pl) Idac rakiem
(nl) In krabbengang
(ro) În mers de rac
(lv) Krabja gaita
(bg) Raceškata
(el) San ton kabura
(sr) Hodom raka
(ca) Com els crancs
(ja) Kani-no-yoko-aruki
(hr) Korakom raka
(sv) Krabbans g°ang
(hu) Ráklépésben
(sl) Po rakovo
(vi) Bò ngang
(he) Be-hîllûk šel sartan
(zh) Xiehang
(cs) Jako rak
(ar) Hatw as-saratan
(ka) Kiborc'xalas nabijit'
(et) Vähikäigul
(ru) Traektorija kraba
(ko) Ke korum uro
(tr) Yengeç yürüyüşü Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarGünter Grass Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ghearmáin, 2002 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
SeánraÚrscéal stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: afef07db-f243-45ff-825f-8019bfa1ec94 Cuir in eagar ar Wikidata
Gunter Grass

An Scéal cuir in eagar

Iriseoir darb ainm Paul a insíonn an scéal, fear a rugadh ar an lá céanna, an 30 Eanáir 1945, ar bádh an long ollmhór úd Wilhelm Gustloff. Long paisinéirí a bhí ann agus í ag iompar sibhialtaigh ón bPrúis Thoir, an cúige Gearmánach a bhí díreach ar tí titim leis an Arm Sóivéadach. Tháinig máthair Paul, Tulla Pokriefke, slán as an tubaiste, agus í ar dhuine den deich míle a bhí ar bord. Bhí sí ag iompar clainne, agus ansin, rugadh Paul di ar bord an Löwe ("An Leon"), an bháid toirpéid a shábháil í.

 
Ionsaí ar 30 Eanáir 1945

In imeacht na mblianta, tháinig Paul i mbun a mhéide, phós sé, agus saolaíodh mac dó, Konny, sula bhfuair sé colscaradh óna bhean. B'í a sheanmháthair ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar an stócach, agus í á spreagadh chun rud éigin fiúntach a dhéanamh le cuimhne na ndaoine a maraíodh ar bord an Wilhelm Gustloff a urramú. Rinne sé dianstaidéar ar an idirlíon ar an bhfear ar hainmníodh an long as, mar atá, Wilhelm Gustloff, feidhmeannach Naitsíoch sna tríochaidí. Fuair sé bás nuair a scaoil mac léinn óg Giúdach darbh ainm David Frankfurter urchar leis.

 

Chuaigh an eachtra lámhaigh seo go mór i gcion ar Konny. Ar an idirlíon, casadh Wolfgang, buachaill ar comhaois leis féin, air, agus d'éirigh siad cairdiúil le chéile. Gearmánach óg a bhí ann, agus é an-bháúil le cás na nGiúdach.

Shocraigh siad bualadh le chéile, agus chuaigh siad ag baint lán a súl as dealbh Wilhelm Gustloff in éineacht. Cheap Konny go raibh maslú á dhéanamh ag Wolfgang ar chuimhne Gustloff. Anois ghlac seisean ról David Franfurter agus shamhlaigh sé Wolfgang in áit Gustloff na blianta roimhe agus dhúnmharaigh sé Wolfgang. Daoradh chun príosúin é. Rinneadh mairtíreach de i súile na Nua-Naitsithe.

Fuair níos mó daoine bás tubaisteach i suncáil na loinge sin ná in aon tubaiste mhara roimhe sin nó ina dhiaidh sin, agus rinne na Nua-Naitsithe siombail den long don éagóir a shíl siad a bheith á himirt ar na Gearmánaigh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. San úrscéal seo, snaidhmeann Grass an eachtra stairiúil agus na fadhbanna comhaimseartha dá chéile leis an máistreacht is dual dó.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Alan Titley (2006). "An cúlra" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-31.
  2. Alan Titley (2013). "An Titanic" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-31.