Imshruthú iompaithe an uisce feadh an Atlantaigh

Is éard atá i gceist le imshruthú iompaithe an uisce feadh an Atlantaigh (IIUFA)[1] ná imshruthú sreafaí uisce ón gcuid theas go dtí an chuid thuaidh an Aigéin Atlantach.[2] Tarlaíonn imshruthú teirmeahailíneach ná imshruthú sa bhfarraige de bharr difríochtaí teochta is salandachta an tsáile.[3] Tá IIUFA an t-imshruthú teirmeahailíneach is mó ar domhan ar cheann de na príomhchórais a rialaíonn aeráid an domhain.[4][5] Ní hionann é go díreach agus Sruth na Murascaille (cuid de mhórchóras IIUFA atá sa Sruth).

Físeán

Lagú an chórais IIUFA

cuir in eagar

Tá na heolaithe ag dúil le hathruithe suntasacha a fheiceáil sna sruthanna luath nó mall leis an athrú aeráide.[6] Tá fianaise ann ó íomhánna satailíte agus ó fhoinsí eile a léiríonn go bhfuil córas IIUFA ag lagú cheana féin le scór bliain anuas, go bhféadfaimis a bheith ag druidim le huair na cinniúna, nó go deimhin go bhféadfaimis a bheith imithe thar ‘phointe claochlaithe’ cheana féin i ngan fhios dúinn toisc nach léir an tionchar san fhíorshaol ar an bpointe boise. Má thagann deireadh le Sruth na Murascaille, a thugann uisce te ón Mhuir Chairib go cóstaí thiar na hEorpa, beidh sé chomh fuar céanna in Éirinn agus a bhíonn sé i dTalamh an Éisc nó in áiteanna eile ar an domhanleithead céanna, toisc gur mó i bhfad an fuarú a tharlódh de bharr deireadh a theacht le Sruth na Murascaille ná an t-ardú teochta a tharlódh de bharr téamh an domhain i gcoitinne. I gcás córas IIUFA agus Sruth na Murascaille, má thiteann an tóin astu, d’fhéadfadh míle bliain dul thart sula dtiocfaidís ar ais – má thagann.[7]

Ardú mór ar an teocht i lár, in oirthear agus i ndeisceart na hEorpa a tharlódh dá bharr, agus spéirlingí nach bhfacthas a leithéid riamh in Éirinn, sa Bhreatain, agus in iarthuaisceart na mór-roinne.

I gcás na hÉireann, is é an riosca is mó atá roimh an tír, dar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, ná go lagóidh nó go dtitfidh as a chéile an céad seo IIUFA, ar sreafaí iad as a dtagann aeráid mheasartha na hÉireann. Tá Éire ar an domhanleithead céanna le Labradar i gCeanada. Dúirt an Dúirt an tAire Eamon Ryan in 2024, "Dá gcaillfimis cosaint teochta IIUFA, d’fhéadfadh go mbeadh teochtaí geimhridh atá sa raon idir -10 gcéim agus -15 chéim agus teochtaí samhraidh nach teo ná 10 gcéim i ndán dúinn."[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Atlantic meridional overturning circulation" (as en) (2024-05-12). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 Eamon Ryan (2024-05-29). "Insítear don Chomh-Aireacht go mbíonn an aeráid ag sroicheadh pointí iompaithe" (ga-IE). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2024-06-30.
  3. ná imshruthú sa bhfarraige de bharr difríochtaí teochta is salandachta an tsáile. Tarlaíonn na difríochtaí seo mar thoradh ar théamh nó fuarú, galú nó comhdhlúthú, oighriú nó leá, agus na hathruithe iarmharacha i ndlús an tsáile ag dromchla na farraige.
  4. Prof. Rahmstorf (Earth System Analysis - Potsdam Institute) (2024-06-07). "Tipping risk of the Atlantic Ocean's overturning circulation, AMOC.". 
  5. Stefan Rahmstorf (2024-04-10). "Is the Atlantic Overturning Circulation Approaching a Tipping Point?". Oceanography: 0–0. doi:10.5670/oceanog.2024.501. 
  6. Damian Carrington, Damian Carrington Environment editor (2023-07-25). "Gulf Stream could collapse as early as 2025, study suggests" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-07-26.
  7. Alex Hijmans (2024-06-26). "Dá dtiocfadh deireadh le Sruth na Murascaille de bharr athrú na haeráide…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 26 Meitheamh 2024.
  8. "Antarctic Circumpolar Current" (as en) (2024-04-29). Wikipedia.