Is catalóg de chineálacha scéalta béaloidis é Innéacs Aarne-Thompson ina n-aithnítear móitífeanna coitianta i seanscéalta idirnáisiúnta.[1] Foilsíodh an t-innéacs in The Types of Folktale (1928), agus tháinig leagan athbhreithnithe amach in 1961.

Antti Aarne

Úsáid cuir in eagar

San innéacs Aarne-Thompson, tá cineálacha agus fochineálacha scéalta ann, cuir i gcás

  • AT0001–299, Scéalta Ainmhithe > AT0220–49, Éin > AT0221, Toghadh Rí na nÉan
  • AT0300–0749, Scéalta Draíochta > AT0500–9, Cuiditheoirí Osnádúrtha > AT0510, Cinderella
  • AT0875 Cailín Bocht Cliste (245 scéal)ː An Cailín Bocht Cliste[2]
  • AT1645 An Taisce sa Bhaile (259 scéal)ː Bíonn taibhreamh ag duine faoi ór i bhfolach[3]
 
Taighde a rinne Antti Aarne sa bhliain 1912 (12. Band (1912), S. 139–146)

Innéacs Aarne-Thompson in Éirinn cuir in eagar

Bunaithe ar obair Aarne-Thompson, foilsíodh catalóg náisiúnta The Types of the Irish Folktale (1967) le Seán Ó Súilleabháin, cláraitheoir Choimisiún Béaloideasa Éireann, agus Reidar Th. Christiansen. Nuair a bhí Scéim na Scol á cur le chéile ag an Choimisiún, bhí Ó Súilleabháin lárnach sna hullmhúcháin don scéim agus bhí an-bhaint aige leis na treoirleabhair a cuireadh amach chuig na scoileanna ina bhfuil cur síos ar 55 ábhar aiste do na daltaí atá mar bhunús leis an Chuardach Topaicí ar dúchas.ie.

Ag deireadh na scéime, tar éis d’fhoireann an Choimisiúin na haistí ar fad a scagadh agus a chur in ord de réir scoile agus contae, chruthaigh siad clár ábhar do thaighdeoirí bunaithe ar na haistí sin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Innéacs Aarne-Thompson ar dúchas.ie". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2020-11-03.
  2. Cailín Bocht Cliste -. "The Clever Peasant Girl (Dúhcas.ie)" (ga). dúchas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-03. Dáta rochtana: 2020-11-03.
  3. An Taisce sa Bhaile -. "The Treasure at Home (Dúchas.ie)" (ga). dúchas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-03. Dáta rochtana: 2020-11-03.