Is ainm coitianta ar go leor éan creiche mór san fhine Accipitridae é iolar. Cuimsíonn na hiolair roinnt géineas, cuid acu gar i ngaol lena chéile.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIolar
Accipitridae Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdAccipitriformes
FineAccipitridae Cuir in eagar ar Wikidata
Vieillot, 1816

Éan laethúil mór cholainne creiche a mharaíonn a bhia féin, éin chreiche níos lú-clamháin, cromáin, cúir, seabhaic is seabhaic seilge-agus éisc.[1]

Uaireanta, itheann sé splíonach. A radharc géar, é an-láidir, eitilt chumasach aige.

Gaolmhar leis an gcúr, an seabhac is an seabhac seilge.

Tacsanomaíocht

cuir in eagar

Ní grúpa tacsanomaíochta iad na hiolair; úsáidtear an téarma ar aon chineál éin atá mór go leor chun veirteabraigh mhóra (thart ar 50 cm ar fad nó níos mó) a sheilg.[1]

Tá siad scaipthe ar fud an Domhain. Is ón Eoráise agus ón Afraic an chuid is mó de na 60 speiceas iolar. Lasmuigh den limistéar seo, ní féidir ach 14 speiceas a fháil — dhá cheann i Meiriceá Thuaidh, naoi gcinn i Meiriceá Láir agus Theas, agus trí cinn san Astráil.

I measc na ngnéithe tá an t-iolar fíréan, an t-iolar mara, agus an t-iolar maol.

Samplaí de logainmneacha

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.