Is Eolaí Mé

sraith theilifíse

Is sraith eolaíochta do dhaoine óga í Is Eolaí Mé ar TG4. Cuirfear tús le craoladh an chláir i sceideal an Fhómhair 2016. Cuireann Peadar, an tOllamh Ullamh, agus an cúntóir Aodh an clár i láthair. Bíonn téama i gceist i ngach clár agus bíonn siad ag iarraidh rudaí a fhiosrú.

Infotaula de sèrie de televisióIs Eolaí Mé
TírÉire
Bealach teilifíseTG4
Tuilleadh eolais
IMDB: tt7770346 Cuir in eagar ar Wikidata

Tugann “Is Eolaí Mé” léargas físiúil agus taitneamhach ar an eolaíocht agus ar an timpeallacht[1]. Tá rannpháirtíocht ó dhaoine óga agus iad ag baint triail as turgnaimheolaíochta agus ag tabhairt cuairte ar ionaid eolaíochta ar nós Réadlann na Dúcharraige, W5 Béal Feirste, Caisleán Bhiorra agus Tochailt Seandálaíochta i mBaile Átha Troim. Tosaíonn gach clár sa saotharlann, Aladdin’s cave na heolaíochta, áit a gcuireann an láithreoir Peadar, téama an lae faoi bhráid an lucht féachana.

Ar an suíomh TG4.ie[2], tá cur síos ar thurgnaimh is féidir a thriail sa bhaile freisin. Chomh maith leis na treoracha, tugann na laithreoirí míniú ar an gcúis ar tharla rud éigin sa turgnamh.

Léirigh an comhlacht Meangadh Fíbín an clár,

Tagairtí cuir in eagar