James Berry

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir agus feirmeoir Éireannach ab ea James Berry (1842–1914).[1]

Infotaula de personaJames Berry
Beathaisnéis
Breith1842
Bun Abhann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Meitheamh 1914
71/72 bliana d'aois
Áit adhlacthareilig Mhaínse Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Berry i mBun Abhann, Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo sa bhliain 1842. Agus é ar cuairt ar a uncail an tAthair Ned O’Malley, an sagart paróiste i gCarna, Co. na Gaillimhe, bhuail sé le Sarah Greene, bean áitiúil, agus phósadar níos déanaí. Chuireadar fúthu i gCarna agus bhí aon duine dhéag clainne acu.

Ó 1910 go 1914 scríobh Berry colún sa Mayo News dar teideal Tales of the West – Recollections of my Early Boyhood (athchlóite sa bhliain 1927). Dhírigh an colún ar scéalta a chuala sé ina óige ag fás aníos i gContae Mhaigh Eo, agus rinne sé cur síos ar imeachtaí ó bhlianta an Ghorta Mhóir ar nós Tragóid Dhúlocha. Sa bhliain 1967, d’fhoilsigh Gertrude M. Horgan ó Aquinas College (Michigan) cnuasach dá chuid scéalta mar Tales of the West of Ireland. Foilsíodh litreacha a scríobh Berry chuig an Connaught Telegraph mar cholúin sa nuachtán sin le linn deireadh na 19ú haoise agus tús na 20ú haoise. Rinne cuid de na litreacha seo ón 19ú haois cur síos ar an drochíde a thug na tiarnaí talún Angla-Éireannacha do chosmhuintir na hÉireann.

Fuair Berry bás ar 4 Meitheamh 1914 agus cuireadh sa reilig ar oileán Mhaínse é.

Foinsí cuir in eagar

  • Memories of My Father le Helena Berry, An Coinneal, Louisburgh, 1963, lgh. 67–68.
  • Connemara: A Little Gaelic Kingdom, Tim Robinson, 2011.

Tagairtí cuir in eagar