James Knox Polk

11ú huachtarán na Stát Aontaithe, ó 1845 go 1849

Bhí sé i bhfeidhmeannas ón 4 Márta 1845 go dtí an 4 Márta 1849. Ba é James Knox Polk (2 Samhain, 1795 – 15 Meitheamh, 1849) an 11ú uachtarán ar na Stáit Aontaithe, i bhfeidhmeannas ón 4 Márta 1845 go dtí an 4 Márta 1849 Roimhe sin bhí sé ar an 13ú Spéicéir de Theach na nIonadaithe (1835-1839) agus an naoú Gobharnóir Tennessee (1839–1841). Bhí sé ina dhalta coimirce d'Andrew Jackson, ina bhall den Pháirtí Daonlathach agus i bhfách le daonlathas jacksoniana. Tá cáil ar Polk go príomha mar gheall ar leathnú a dhéanamh ar chríoch na Stát Aontaithe tríd an gCogadh Mheicsiceo-Mheiriceánach; le linn a uachtaránachta, tháinig méadú suntasach ar na Stáit Aontaithe nuair a cuireadh Poblacht Texas, Críoch Oregon, agus Géilleadh Meicsiceach i bhfeidhm, tar éis bua Mheiriceá sa Chogadh Mheicsiceo-Mheiriceánach.

James Knox Polk
JamesKnoxPolk.jpg
Ionadaí na Stát Aontaithe

Márta 4, 1825 - Márta 4, 1833
John Alexander Cocke (en) Aistrigh - Balie Peyton
Dúiche: 6ú dáilcheantar comhdhála Tennessee
Ionadaí na Stát Aontaithe

Márta 4, 1833 - Márta 4, 1839
William Fitzgerald - Harvey Magee Watterson
Dúiche: 9ú dáilcheantar comhdhála Tennessee
Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe

Nollaig 7, 1835 - Márta 4, 1839
John Bell - Robert M. T. Hunter
9. gobharnóir Tennessee

Deireadh Fómhair 14, 1839 - Deireadh Fómhair 15, 1841
Newton Cannon - James C. Jones
10. Uachtarán tofa na Stát Aontaithe

Nollaig 1844 - Márta 4, 1845
William Henry Harrison - Zachary Taylor
Toghchán: 1844 United States presidential election (en) Aistrigh
11. Uachtarán na Stát Aontaithe

Márta 4, 1845 - Márta 4, 1849
John Tyler - Zachary Taylor
Toghchán: 1844 United States presidential election (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánJames Knox Polk
Eolas breithePineville (en) Aistrigh, 2 Samhain 1795
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Béarla
BásNashville, Tennessee, 15 Meitheamh 1849
Áit adhlacthaTennessee State Capitol (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (Calar)
Muintir
AthairSamuel Polk
MáthairJane Knox
Céile/CéilíSarah Childress Polk  (Eanáir 1, 1824 -  Meitheamh 15, 1849)
Páistí
liosta iomláin
  • luach ar iarraidh
Oideachas
Alma materUniversity of North Carolina at Chapel Hill (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
An Laidin
An Ghréigis
Gairm
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, feirmeoir agus státaire
Airde173 cm
Áit oibreWashington, D.C.
SloinnteYoung Hickory
Cleamhnú
ReiligiúinModhachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Daonlathach
James K Polk Signature.svg

Tar éis dó cleachtadh dlí rathúil a thógáil i dTennessee, toghadh Polk chuig a reachtas stáit sa bhliain 1823 agus ansin chuig Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe i 1825, agus thug sé tacaíocht láidir d'Andrew Jackson. Tar éis dó bheith i bhfeidhmeannas mar chathaoirleach ar an gCoiste um Bealaí agus Modhanna, rinneadh Spéicéir an Tí de in 1835, an t-aon duine amháin a chaith seal mar Spéicéir agus mar Uachtarán SAM. D'fhág Polk Comhdháil na Stát Aontaithe agus é ag dul san iomaíocht sa toghchána le haghaidh gobharnóir Tennessee, a bhuaigh sé i 1839, ach a chaill se i 1841 agus 1843. Ní raibh aon choinne leis go mbuafadh sé i dtoghchán uachtaránachta 1844 mar ainmní an Pháirtí Dhaonlathaigh; d'iontráil sé coinbhinsiún a pháirtí mar ainmní féideartha don leas-uachtarán ach tháinig sé chun cinn mar phríomh-iarrthóir ar an dticéad nuair nach bhféadfadh aon iarrthóir uachtaránachta an tromlach dhá thrian is gá a fháil. San olltoghchán, bhuaigh Polk ar Henry Clay de chuid Pháirtí na bhFuigeanna.

Tar éis idirbheartaíochta lán le baol cogaidh, tháinig sé ar shocrú leis an mBreatain Mhór mar gheall ar Chríoch Oregon, a raibh easaontas ann faoi, agus a raibh roinnte feadh an 49ú líne leithid. Bhain Polk an bua amach sa Chogadh Meicsiceach-Mheiriceánach, a raibh de thoradh air gur scoir Meicsiceo as Iardheisceart Mheiriceá ar fad. Fuair sé laghdú suntasach ar rátaí taraife le 'Walker tariff', sa bhliain 1846. An bhliain chéanna, bhain sé amach a sprioc mhór eile, athbhunú córas an Státchiste Neamhspleách. Mar is dual dá fheachtas toghchánaíochta, d'fhán Polk téarma amháin i bhfeidhmeannas agus d;fhill se ar ais chuig Tennessee, áit a bhfuair sé bás trí mhí tar éis dó an Teach Bán a fhágáil.

TagairtíCuir in Eagar