Janko Jesenský

File, dlíodóir agus aistritheoir Slóvacach

Scríbhneoir Slóvacach ab ea Janko Jesenský a saolaíodh i dTurčiansky Svätý Martin ar an 30 Nollaig 1874 agus a fuair bás sa Bhratasláiv ar an 27 Nollaig 1945. Scríobhadh sé idir phrós agus véarsaí. Is é an t-úrscéal úd Demokrati ("Na Daonlathaigh") an saothar is tábhachtaí a tháinig óna pheann.

Janko Jesenský
Portrait jesensky-janko.jpg
Saol
Eolas breitheMartin, 30 Nollaig 1874
NáisiúntachtAn Ostair-Ungáir
An tSeicslóvaic
BásAn Bhratasláiv, 27 Nollaig 1945
Áit adhlacthaNational Cemetery in Martin (en) Aistrigh
Muintir
Teaghlach
liosta iomláin
TreibhTeaghlach Jeszenszky
Oideachas
TeangachaAn tSlóvaicis
Gairm
Gairmteangeolaí, file, scríbhneoir, saineolaí dlí, file dlíodóra, dlíodóir agus aistritheoir
Duaiseanna
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataCzechoslovak Legions (en) Aistrigh
Throid sé/sí agAn Chéad Chogadh Domhanda

SaotharCuir in Eagar

FilíochtCuir in Eagar

  • 1897Vyznanie, dán (chuaigh sé i gcló san iris Slovenské pohľady)
  • 1905Verše J. Jesenského, díolaim filíochta
  • 1918Z veršov Janka Jesenského, díolaim filíochta (athfhoilsíodh sa bhliain 1919 sna Stáit Aontaithe í faoin teideal Zo zajatia)
  • 1923Verše J. Jesenského 2, díolaim filíochta
  • 1932Po búrkach, díolaim filíochta
  • 1944Náš hrdina, saothar idir liriciúil agus eipiciúil
  • 1945Čierne dni, díolaim filíochta
  • 1945Proti noci, bailiúchán saothar
  • 1945Na zlobu dňa, imleabhar a haon agus a dó, díolaim filíochta
  • 1948Jesenný kvet, díolaim filíochta iarbháis

DrámaíochtCuir in Eagar

  • 1895Bozky súboja alebo Poručík, scigdhráma (níor foilsíodh an lámhscríbhinn ach sa bhliain 1961 ar an iris úd Slovenské divadlo)
  • 1895Medicína účinkuje, scigdhráma (níor foilsíodh an lámhscríbhinn)

PrósCuir in Eagar

  • 1913Malomestské rozprávky, bailiúchán gearrscéalta
  • 1933Cestou k slobode, prós neamhfhicseanúil (fotheideal Úryvky z denníka 19141918)
  • 1935Zo starých časov
  • 1934 a 1938Demokrati, iml. 1 agus 2, úrscéal, an saothar is cuimsithí a tháinig ó pheann an scríbhneora. Sa bhliain 1980 rinne an stiúrthóir Jozef Zachar scannán a bhí bunaithe ar an úrscéal seo)
  • 1940Dva medvede
  • 1941Kvôli klasifikácii
  • 1942Prefíkaná sláva
  • 1943Železničné nešťastie
  • 1944Novely, zobrané spisy
  • 1945Reflexie, zobrané spisy
  • 1946Strach

Roghnúcháin agus díolamaíCuir in Eagar

  • 1921Zobrané práce Janka Jesenského 1–3 ("Saothair bhailithe Janko Jesenský")
  • 1932Výbor z básní Janka Jesenského (rogha filíochta)
  • 1934Výber z malomestských rozprávok (rogha próis)
  • 1944/1948Zobrané spisy Janka Jesenského 1–21 (bailiúchán eile saothar)
  • 1950Pani Rafiková a iní (rogha próis)
  • 1953Ženích a iné rozprávky (rogha próis)
  • 1953Výber z diela (rogha próis)
  • 1955Láska a život (rogha filíochta)
  • 1956Na zlobu dňa (rogha filíochta)
  • 1957/1968Spisy 1–9 ("Scríbhinní 1-9")
  • 1960Slnečný kúpeľ (rogha próis)
  • 1975Maškarný ples a iné poviedky (rogha próis)
  • 1977Jesenský 1–2 (teach foilsitheoireachta: Zlatý fond slovenskej literatúry)

AistriúcháinCuir in Eagar

Saothair eileCuir in Eagar

  • 1918Počiatky slovenského pravopisu
  • 1918Nástin dejín slovenskej literatúry
  • 1970Listy slečne Oľge, tuairim is 70 litir dár scríobh sé chuig Oľga Kraftová

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar