Jeremy Bentham
Fealsamh, teoiricí an dlí agus leasaitheoir sóisialta ba ea Jeremy Bentham (15 Feabhra 1748 - 6 Meitheamh 1832). D'fhorbair sé idé-eolaíocht an fhóntachais.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Feabhra 1748 Houndsditch (Ríocht na Breataine Móire) |
Bás | 6 Meitheamh 1832 84 bliana d'aois Londain (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Dias |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Banríona, Oxford (1760–) Scoil Westminster (1755–1760) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht, dlí, fealsúnacht shóisialta, cearta sibhialta agus polaitíochta agus cearta sibhialta |
Suíomh oibre | Sasana |
Gairm | fealsamh, scríbhneoir, gníomhaí ar son cearta ainmhithe, eacnamaí, leasaitheoir Protastúnach, teoiricí polaitiúil, saineolaí dlí, gníomhaí ar son cearta vótála, ceannaí, gníomhaí ar son chearta an duine, dlíodóir, eolaí polaitiúil, reformator (en) |
Tréimhse ama | An Eagnaíocht |
Gluaiseacht | Fóntachas |
Ainm cleite | Philip Beauchamp Gamaliel Smith |
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Jeremiah Bentham agus Alicia Woodward Grove |
Siblín | Samuel Bentham |
Saol
cuir in eagarCéimí de chuid Choláiste na Banríona, Ollscoil Áth na nDamh ba ea Bentham sa bhliain 1763 (Master 1766). Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1769 ach ní raibh sé i gcleachtadh riamh.[2]
Thug smaointe Bentham ugach tábhachtach do na daoine a chuir Ollscoil Londan (UCL faoi láthair) ar bun mar an gcéad ollscoil lántuata i Sasana. Ní raibh baint dháiríre ag Bentham le bunú na hinstitiúide nua, ach amháin go ndearna sé cinnte de gur ceapadh a protégé John Austin ina chéad Ollamh le Dlí-eolaíocht ar an ollscoil. Mar sin féin, mar aitheantas ar an spreagadh a thug sé dá bunú, tá a chnámharlach mar chreatlach don "féin íocón" a bhíonn ar taispeáint i UCL de ghnáth.[2]
Cé nach raibh sé ina Ollamh le Dlí-eolaíocht in Ollscoil Londan ach ar feadh ocht mbliana, is téacs bunaidh an phosaitíbheachais dhlíthiúil é The Province of Jurisprudence Determined (1832) le John Austin.
Fealsúnacht
cuir in eagarMar bhunaitheoir fhealsúnacht an fhóntachais i bhfoirm nua-aimseartha, rinne Bentham cáineadh géar ar choincheapa mar an dlí nádúrtha agus na cearta nádúrtha ("seafóid ar chosa taca").[2]
Teoiricí an dlí
cuir in eagarMholadh sé go díograiseach cuíchóiriú a dhéanamh ar dhlí Shasana agus, go háirithe, é a chódú. Ina theannta sin, feictear an bhéim a chuir sé ar luach na trédhearcachta (agus an fhaireachais) sna mholtaí a rinne sé maidir le hathchóiriú an chórais choiriúil, an Panopticon go mór mór. Cé nár tógadh a leithéid sin d'áras riamh réir na sonraíochta a chuir Bentham chun cinn, bhí tionchar ag an smaoineamh sin ar dhearadh na bpríosún sa naoú haois déag agus, mar mheafar don smacht sóisialta agus don easpa príobháideachais, is slat tomhais é fós i ndíospóireachtaí comhaimseartha.[2]
Bhí Bentham i measc na bhfealsamh nua-aimseartha a rinne an cás is luaithe san Iarthar ar son chearta ainmhithe agus gníomhartha homaighnéasacha a dhéanamh dleathach (sa dara cás, argóint nár foilsíodh den chéad uair roimh 1931).[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Jeremy Bentham (1748–1832) | Art UK" (en). artuk.org. Dáta rochtana: 2021-06-05.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Jeremy Bentham". Dáta rochtana: 2018.