Jessie Willcox Smith
Maisitheoir leabhar páistí agus péintéir a bhí in Jessie Willcox Smith (1863-1935) a bhí gníomhach i rith Ré Órga Mhaisiú Eagarthóireachta Mheiriceá.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Meán Fómhair 1863 Philadelphia, Pennsylvania |
Bás | 3 Bealtaine 1935 71 bliana d'aois Philadelphia, Pennsylvania |
Áit adhlactha | The Woodlands (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Pennsylvania Academy of the Fine Arts (en) Moore College of Art and Design (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Periodical illustration (en) agus maisiú leabhar |
Gairm | maisitheoir, péintéir, ealaíontóir |
Ball de | |
Mac/iníon léinn de chuid | Howard Pyle |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas
| |
Aithnítear í ar an maisitheoir leabhar páistí ab fhearr dar mhair riamh. In Philadelphia a rugadh i, in 1863, agus is ar bhruach na cathrach sin, in Villanova, agus ina dhiaidh sin in Mount Airy, a chaith sí a saol oibre. Chuir sí léaráidí ar fail d'ailt agus scéalta a bhí ar Century, Collier's, Leslie's Weekly, Harper's, McClure's, Scribners, agus Ladies' Home Journal. Chomh maith le léaráidí a tharraingt do leabhair do pháistí, dhear sí clúdaigh d'irisí Meiriceánacha agus fógraí do mhórchomhlachtaí idirnáisiúnta. Rinne sí na léaráidí don leabhar Cuairt San Nioclás le Clement Clarke Moore.
De réir mar a bhain na mná cuid dá gcearta amach i dtús an 20ú haois, bhí Willcox Smith ina heiseamláir acu siúd díobh a bhí gníomhach sna healaíona. Chabhraigh an t-aitheantas a bhain sí amach mar dhuine d'ealaíontóirí móra a linne le mná eile dul chun cinn iad féin ina saol gairmiúil. Is in Mount Airy a cailleadh í sa bhliain 1935. Níor phós sí riamh agus ní raibh aon chlann uirthi.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |