Jessie Willcox Smith

maisitheoir Meiriceánach

Maisitheoir leabhar páistí agus péintéir a bhí in Jessie Willcox Smith (1863-1935) a bhí gníomhach i rith Ré Órga Mhaisiú Eagarthóireachta Mheiriceá.

Infotaula de personaJessie Willcox Smith

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Meán Fómhair 1863
Philadelphia, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Bealtaine 1935
71 bliana d'aois
Philadelphia, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaThe Woodlands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPennsylvania Academy of the Fine Arts (en) Aistrigh
Moore College of Art and Design (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePeriodical illustration (en) Aistrigh agus maisiú leabhar
Gairmmaisitheoir, péintéir, ealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidHoward Pyle
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 29184182 Cuir in eagar ar Wikidata

Aithnítear í ar an maisitheoir leabhar páistí ab fhearr dar mhair riamh. In Philadelphia a rugadh i, in 1863, agus is ar bhruach na cathrach sin, in Villanova, agus ina dhiaidh sin in Mount Airy, a chaith sí a saol oibre. Chuir sí léaráidí ar fail d'ailt agus scéalta a bhí ar Century, Collier's, Leslie's Weekly, Harper's, McClure's, Scribners, agus Ladies' Home Journal. Chomh maith le léaráidí a tharraingt do leabhair do pháistí, dhear sí clúdaigh d'irisí Meiriceánacha agus fógraí do mhórchomhlachtaí idirnáisiúnta. Rinne sí na léaráidí don leabhar Cuairt San Nioclás le Clement Clarke Moore.

De réir mar a bhain na mná cuid dá gcearta amach i dtús an 20ú haois, bhí Willcox Smith ina heiseamláir acu siúd díobh a bhí gníomhach sna healaíona. Chabhraigh an t-aitheantas a bhain sí amach mar dhuine d'ealaíontóirí móra a linne le mná eile dul chun cinn iad féin ina saol gairmiúil. Is in Mount Airy a cailleadh í sa bhliain 1935. Níor phós sí riamh agus ní raibh aon chlann uirthi.

Tagairtí cuir in eagar