Johann Ernst Glück
Aistritheoir Gearmánach agus diagaire Liútarach ab ea Johann Ernst Glück (Laitvis: Johans Ernsts Gliks; 10 Samhain, 1654 - 5 Bealtaine, 1705) a bhí gníomhach san Livóin (Béarla: Livonia), atá anois suite i Laitvia.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Samhain 1652 Wettin |
Bás | 5 Bealtaine 1705 52 bliana d'aois Moscó, An Rúis |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Liútarachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Leipzig |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, aistritheoir an Bhíobla, diagaire, aistritheoir, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Teaghlach | |
Páiste | Kristian Bernhard Glück, Elisabeth Glück, Margarita Glück, Ernst Gottlieb Glück, Christina von Kosküll (von Glück) |
Rugadh Glück i Wettin agus bhí a athair ina tréadaí. Tar éis freastal ar an scoil Laidine Altenburg, rinne sé staidéar ar dhiagacht, reitric, fhealsúnacht, chéimseata, stair, Thíreolaíocht, agus Laidin ag Wittenberg agus Jena.
Tá clú agus cáil ar Ghlück as an Bhíobla Naofa a aistriú go Laitvis, a rinne sé ina iomláine i Marienburg (Alūksne) san Livóin, i bhfoirgneamh atá anois ina Ard-Mhúsaem na hAlūksne, a bunaíodh in onóir a chuid oibre. Bhunaigh sé freisin na céad scoileanna teanga Laitvise san Livóin sa bhliain 1683. Fuair sé bás i Moscó.
Bhí ceathrar iníonacha, mac, agus iníon-altrama Marta Skavronska aige a phós Peadar Mór na Rúise, dá ngairmfear go príomha Caitríona I na Rúise. Ó 1725 go dtí 1727 bhí sí ina banimpire ar Impireacht na Rúise.