Geoiméadracht
Brainse den mhatamaitic a dhéanann staidéar ar thréithe cruthanna is spáis, agus an Domhain ar dtús is ea geoiméadracht (nó céimseata).
Timpeall 2000 RC bhí eolas ag na Bablónaigh ar na rialacha chun fairsingí dronuilleog, triantán dronuillinne is triantán comhchosach a ríomh. Ghlac siad leis gurbh ionann imlíne (C) ciorcail de thrastomhas d le 3⅛ d, agus a fhairsinge le ⅓ (½ C)2. Roinn siad imlíne an chiorcail i 360 cuid chomhionann, agus shaothraigh siad cuid mhaith eolais gheoiméadraigh. Bhí an t-eolas seo ag na hÉigiptigh freisin, ach ba iad na Gréagaigh a bhunaigh an gheoiméadracht loighciúil timpeall 300 RC.
Bhailigh Eoiclídéas na buntorthaí ina imleabhair den Uraiceacht, ag leagan amach na dteoirimí is na gcruthuithe orthu in ord loighciúil, ag tosú le bunaicsímí nó buntairiscintí trí chéimeanna a lean a chéile, ag forbairt na gcruthuithe a sheasann fós tar éis 2,000 bliain. Ón 18ú céad anuas forbraíodh geoiméadrachtaí teibí, agus luaitear saothar Gauß is Lobachevsky leis seo.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Geoiméadracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |